Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Kieran O'Donnell

Tá Kieran O’Donnell ina Aire Stáit sa Roinn Sláinte le freagracht speisialta as Daoine Scothaosta agus ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le freagracht speisialta as Tithíocht. Ceapadh chuig na róil seo é an 29 Eanáir 2025.

Roimhe sin d’fhóin sé mar Aire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí ó Aibreán 2024, agus mar Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanála sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó Nollaig 2022 go dtí Aibreán 2024.

Is é an tAire O’Donnell TD Fhine Gael do Thoghcheantar Chathair Luimnigh. Toghadh é den chéad uair i mBealtaine 2007, atoghadh é in 2011 agus 2020.

D'fhóin sé mar:

  • Cathaoirleach Choiste Iompair agus Cumarsáide an Oireachtais
  • Leas-Chathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí (PAC)
  • comhalta den Fhiosrúchán Baincéireachta
  • comhalta de Choistí Airgeadais agus Gnóthaí Buiséadacha an Oireachtais
  • urlabhraí Airgeadais d’Fhine Gael

Toghadh chuig an Seanad é in 2016. Sular tháinig sé isteach sa pholaitíocht náisiúnta, toghadh ar Chomhairle Contae Luimnigh é sa bhliain 2004.

Is Cuntasóir Cairte é an tAire O’Donnell, a bhfuil na blianta fada taithí aige ar a chleachtas féin agus is céimí i staidéar gnó é ó Ollscoil Luimnigh (UL).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal O’Donnell ag: kieran.odonnell@oireachtas.ie

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat