English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Mary Codd

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2020

Bhain Mary Codd céim amach sa leigheas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tar éis di glacadh le cónaitheacht mhíochaine inmheánach i mBaile Átha Cliath agus i Londain, rinne sí staidéar ar an eipidéimeolaíocht agus ar an mbithostatolaíocht suas go dtí an leibhéal dochtúireachta sa Mayo Clinic agus i Scoil na Sláinte Poiblí in Ollscoil Minnesota, SAM.

Tá Mary ina Ollamh Comhlach le heipidéimeolaíocht agus le bithostatolaíocht in UCD. Is ánra í i nDámh an Leighis Sláinte Poiblí in Éirinn agus sa Royal Statistical Society, sa Ríocht Aontaithe, tá sí ina Stiúrthóir ar an gclár MPH in UCD agus múineann sí an eipidéimeolaíocht, an bhithostatolaíocht, modhanna taighde feidhmeach, bainistíocht sonraí agus modhanna ríomha ón leibhéal fochéime suas go dtí an leibhéal iardhochtúireachta.

In 2017, fuair sí Gradam Ghrúpa Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Sláinte Universitas 21 sa Barr-Fheabhas Teagaisc. Bhí Mary ina Comhordaitheoir Tionscadail ar Chlár Scagthástála Cíche Eccles, an chéad chlár scagtha daonra-bhunaithe in Éirinn, comhthionscadal de chuid an Líonra Scagtha ‘European Against Cancer’ agus tionscadal as ar bunaíodh BreastCheck. Bhí sí ina comhúdar ar European Guidelines for Quality Assurance in Mammographic Screening, 2ú agus 3ú hEagrán, agus ina hathbhreithnitheoir seachtrach leis an EUREF (an tIonad Tagartha Eorpach um an Scagadh Cíche).

Chuaigh sí i mbun taighde comhoibritheach ar an scagadh le comhpháirtithe lonnaithe sa tSualainn, san Iodáil agus sa Phortaingéil, chomh maith leis an Líonra Idirnáisiúnta Scagthástála Cíche ag NIH, sna SAM. Tá os cionn 250 foilseachán eolaíochta foilsithe aici.