Michael Rigby
- Foilsithe: 18 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tOllamh Emeritus Michael Rigby ag obair anois mar shaineolaí neamhspleách agus i measc na réimsí spéise atá aige áirítear an beartas sláinte, dearadh na seirbhíse sláinte, an cúram comhtháite, an cothromas rochtana, agus an dearbhú cáilíochta.
Déanann sé staidéar chomh maith ar chórais faisnéise agus ar an r-shláinte agus tá sé ina bhall gníomhach de chuid Ghrúpa Oibre an International Medical Informatics Association a bhíonn ag plé leis an meastóireacht agus fianaise maidir le córais faisnéise sláinte.
Bhí sé ceaptha ina ollamh in Ollscoil Keele agus in Imperial College sa RA, i Scoil Nordach na Sláinte Poiblí sa tSualainn, agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; faoi láthair, déanann sé maoirseacht ar mhic léinn dochtúireachta sa bheartas sláinte in Ollscoil Maastricht san Ísiltír.
Tá taithí phraiticiúil fhairsing ag an Ollamh Rigby san fhorbairt agus seachadadh cúraim sláinte freisin, agus tá obair déanta aige ar dhearadh an chórais sláinte i roinnt tíortha éagsúla. I measc na ról sin, bhí róil cheannaireachta aige sa dhearadh, feidhmiú agus bainistiú seirbhísí nuálacha scagtha daonra san RA.
Tá roinnt tionscadal taighde Eorpach a raibh baint ag gach Ballstát an AE iontu a ndearna sé iad a dhearadh agus a stiúradh nó a chomhstiúradh. Tá tionscadail déanta aige don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, don OECD, agus leis don Fhondúireacht Eolaíochta Eorpach.
Tá an-chuid ábhar scríofa aige ar a taighde shláinte agus ar an mbeartas sláinte, agus rinne sé chomheagarthóireacht ar roinnt leabhar, le déanaí ar an Fhaisnéisíocht Shláinte Fianaise-Bhunaithe agus ar an gCúram Sláinte Príomhúil do Leanaí san Eoraip.
Tá an tOllamh Rigby ina bhall de chuid Bhord HIQA, agus ina bhall den gClár Saineolaithe a thacaíonn le Grúpa Comhairleach Teicniúil um an tSláinte Digiteach nua atá sa WHO.