Niall O’Higgins
- Foilsithe: 18 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is Ollamh Emeritus le Máinliacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath é Niall O’Higgins. Bhain an tOllamh O’Higgins céim amach as an Scoil Leighis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus fuair sé a oiliúint mháinliachta in Éirinn agus i Sasana.
Ceapadh é mar Ollamh agus Cathaoirleach ar Roinn Máinliachta agus Máinlia Comhairleach Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann) in 1977, post a bhí aige ar feadh breis agus 30 bliain.
Is máinlia ginearálta é an tOllamh O’Higgins a bhfuil spéis ar leith aige san oinceolaíocht máinliachta, go háirithe san ailse chíche. Bhí baint aige le níos mó ná 300 foilseachán eolaíochta, go príomha ar thaighde ar an ailse chíche agus ar mháinliacht an chliniciúil. Tá sé ina Chomh-eagarthóir ar mhór-théacsleabhar máinliachta.
Is iar-Chathaoirleach é de chuid Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh.
Fuair sé Comhaltacht Oinigh sa Royal College of Surgeons of England agus san American College of Surgeons. Bronnadh Comhaltachtaí Oinigh air ó Choláiste na Máinleá san Afraic Theas, sa Bhanglaidéis agus ó Choláiste Ríoga na Lianna agus na Máinleá i nGlaschú. Fuair sé Bonn Óir an Uachtaráin ó Royal College of Surgeons of Edinburgh i nDún Éadeann.
Is iar-Uachtarán é an tOllamh O'Higgins ar Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, ar Chumann Eorpach Oinceolaíochta Máinliachta (1994-1998), agus ar Chónaidhm na gCumann Ailse Eorpach (1997-1999) agus is iar-Chathaoirleach é ar an Comhairle Creidiúnaithe don Oinceolaíocht san Eoraip (ACOE). Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Eagarthóireachta an European Journal of Surgical Oncology (EJSO) idir 2001 agus 2008.
Bhí baint mhór aige le córas seirbhísí síntómacha ailse chíche a bhunú agus le BreastCheck, leis an gClár Náisiúnta Scagtha Ailse Cíche agus le treoirlínte a bhunú maidir le cáilíocht an chúraim d’ailse chíche in Éirinn agus san Eoraip.
Bhí sé ina Chathaoirleach ar an Sainghrúpa ar an scagthástáil ailse cholaireicteach in Éirinn, grúpa a bhí ríthábhachtach i mbunú BowelScreen - An Clár Náisiúnta Scagtha bPutóg.