English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Velma Harkins

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2020

Tá spéis ag an Dr Velma Harkins, liachleachtóir ginearálta lonnaithe i Beannchar, Co. Uíbh Fhailí, sa staidéar ar conas na caighdeáin chúraim d’othair a fheabhsú le fada an lá anois.

Ba í an Dr Harkins an t-aon ionadaí thar ceann dhochtúirí teaghlaigh ar an nGrúpa Stiúrtha BreastCheck bunaidh, a bhí freagrach as an gclár scagthála BreastCheck a cheapadh.

Tá spéis mhór aici sa chúram struchtúrtha don diaibéiteas agus bhí ról lárnach aici i mbunú an Chláir um Chúram Struchtúrtha Diaibéiteas Lár Tíre in 1998, a bhí ceannródaíoch mar chlár maidir leis an tsamhail rathúil a forbraíodh ann don bhainistíocht struchtúrtha ar an cúraim phríomhúil d’othair a bhfuil Diaibéiteas Cineál 2 orthu.

Is ise údar na chéad treoirlínte náisiúnta an ICGP/FSS maidir leis an gcúram comhtháite do dhiaibéiteas agus ceapadh í ar an Sainghrúpa Comhairleach um Dhiaibéiteas in 2009 agus ina dhiaidh sin ina Ceannaire Náisiúnta do Dhochtúirí Teaghlaigh don Diaibéiteas, post a bhí aici ó 2010 go dtí 2014.

Is Traenálaí Dochtúirí Teaghlaigh í a bhfuil baint aici leis an oiliúint dochtúirí ag an leibhéal fochéime agus iarchéime araon, agus tá sí ina cathaoirleach ar Chumann Náisiúnta na nOiliúnóirí sa Liachleachtadh Ginearálta.

Faoi láthair, tá sí ar Bhord Choláiste Dochtúirí Teaghlaigh na hÉireann agus in 2017 ceapadh í ina cathaoirleach ar an gCoiste Cáilíochta, Sábháilteachta & Caighdeán ann, arb é a fheidhm ná caighdeáin agus bearta cáilíochta iomchuí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do liachleachtóirí ginearálta agus d’othair araon.