Aighneachtaí á Lorg Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Aighneachtaí á Lorg Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Samhain 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 26 Samhain 2020
  • dúnadh na haighneachtaí: 11 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta

Dréachtscéim Teanga á ullmhú ag an Roinn Sláinte don tréimhse 2021-2023

Is é bunchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go mbeidh líon níos mó seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeidh na seirbhísí sin ar ardchaighdeán. I scéim teanga na Roinne Sláinte don tréimhse 2015-2018, leagtar amach a mhéid atá seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil faoi láthair, agus sainaithnítear réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú amach anseo. Tá an scéim teanga sin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: The Language Scheme 2015-2018 / Scéim na Roinne Sláinte 2015-2018.

De réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá an Roinn i mbun athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim seo agus tá dréachtscéime nua á hullmhú don tréimhse 2021-2023. Tá aighneachtaí i ndáil leis an dréachtscéim á lorg ag na Roinn ó pháirtí leasmhara ar bith. Ba cheart aighneachtaí a scríobh agus a sheoladh go leictreonach chuig mary_o’reilly@health.gov.ie tráth nach déanaí ná 5pm, Dé hAoine, 11 Nollaig 2020.

Tá eolas maidir le sainchúram agus ról/seirbhísí na Roinne ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinneshuíomh gréasáin na Roinne.

Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Ba cheart dóibh siúd ar fad a dhéanann aighneachtaí a bheith ar an eolas go bhféadfadh aighneachtaí a fhaightear teacht faoi réir iarrataí ar scaoileadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Mary O’Reilly

Oifigeach na Gaeilge

Samhain 2020

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat