Comhairliúchán Poiblí maidir le Straitéis Náisiúnta um Murtall nua in Éirinn
- Foilsithe: 7 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Lúnasa 2025
Cuspóir
Tá comhairliúchán poiblí ar líne seolta ag an Aire Stáit, Jennifer Murnane O’Connor T.D., a bhfuil freagracht speisialta uirthi as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, ag lorg dearcthaí agus tuairimí an phobail agus an tionscail maidir le Straitéis Náisiúnta um Murtall nua.
Is galar casta é an murtall agus sa bhliain 2025, tá 56% de dhaoine in Éirinn róthrom nó murtallach. Tá an Roinn Sláinte ag forbairt Straitéis Náisiúnta nua maidir le Murtall chun beatha níos sláintiúla a chumasú agus chun tacaíochtaí a fheabhsú chun otracht agus murtall a chosc agus a chóireáil. Cuirfidh an straitéis nua leis an mBeartas agus an bPlean Gníomhaíochta um Murtall a bhí ann roimhe seo.
Táimid ag lorg tuairimí agus dearcthaí an phobail maidir leis na príomhchuspóirí don straitéis nua agus na cineálacha cur chuige féideartha chun iad a bhaint amach. Breithneofar na tuairimí agus na dearcthaí a bhailítear agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt bhreise na straitéise. Cliceáil ar an nasc ‘Comhlánaigh an Suirbhé’ thíos le páirt a ghlacadh. Atreorófar chuig suíomh suirbhé an AE thú, áit a dtabharfar tuilleadh treoracha duit maidir le conas an suirbhé a chomhlánú. Ba mhaith linn cloisteáil ó oiread daoine agus is féidir, mar is saincheist sláinte í seo a bhfuil tionchar forleathan aici.
An t-am measta chun an suirbhé a chríochnú: 10 nóiméad
Dúnfar an comhairliúchán ar líne seo ag 18ú Meán Fómhair 2025.
Breithneofar na tuairimí agus na dearcthaí agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus reachtaíocht amach anseo.
Conas a Bheith Páirteach
Cliceáil ar an nasc "Déan an Suirbhé" thíos chun an suirbhé a chomhlánú. Atreorófar thú chuig suíomh suirbhé an AE, áit a dtabharfar treoracha breise duit maidir le conas an suirbhé a chomhlánú.
Tabhair do d’aire:
Nílimid ach ag lorg tuairimí ó chónaitheoirí na hÉireann amháin.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó na naisc seo a leanas:
1) https://assets.gov.ie/static/documents/a-healthy-weight-for-ireland.pdf
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Ullmhófar tuarascáil chomhairliúcháin bunaithe ar fhreagraí an cheistneora seo. Mar sin féin, ní thuairisceofar freagraí aonair. Breithneofar na freagraí agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus reachtaíocht amach anseo maidir le Straitéis Náisiúnta nua um Murtall.
Coinneofar gach freagra go dtí cibé tráth a ndéanfaidh an Chartlann Náisiúnta iad a mheas chun a chinneadh an gá iad a choinneáil go buan mar ábhair chartlainne de réir oibleagáidí na Roinne faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986.
Déileálfar go docht le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear faoi bhráid na Roinne de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2016/67 agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara gur féidir le daoine a iarraidh go bhfeicfimid na haighneachtaí a fhaighimid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus dá bhrí sin is féidir aighneachtaí a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise. Is dóichí go dtarlóidh sé seo le freagraí ó eagraíochtaí. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an t-iarrthóir d'fhreagraí a fháil ar an gceistneoir, ach dhéanfaí aon fhaisnéis phearsanta a chuirtear san áireamh i bhfreagraí a chur in eagar sula n-eiseofaí í. Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig:
Admháil
Ba mhaith leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta uirthi as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí a buíochas ó chroí a ghabháil leat as do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán poiblí seo. Cabhróidh d'ionchur le beartais agus reachtaíocht amach anseo a mhúnlú maidir leis an tosaíocht thábhachtach sláinte poiblí seo.
Teagmháil
Comhairliúchán seachtrach
Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.