Creat um Éire Shláintiúil: Comhairliúchán Poiblí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Creat um Éire Shláintiúil: Comhairliúchán Poiblí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Feabhra 2026
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Feabhra 2026
  • dúnadh na haighneachtaí: 22 Aibreán 2026
  • An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2026

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Cuspóir

Tá an tAire Stáit Jennifer Murnane O’Connor TD, a bhfuil freagracht speisialta uirthi as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, ag tabhairt cuireadh duit cuidiú leis an gcéad Chreat Éire Shláintiúil eile a mhúnlú.

Táimid ag seoladh comhairliúchán poiblí ar líne chun éisteacht le do thuairimí, do thaithí agus do smaointe. Beidh tionchar díreach ag do chuid ionchur ar an gcaoi a bhforbróimid an chéad chéim eile d’Éire Shláintiúil.

Is deis í seo dúinn ar fad oibriú le chéile chun sláinte agus folláine a neartú ar fud na tíre. Ba mhaith linn tuiscint chomhroinnte a chothú ar cad is brí le sláinte agus folláine sa saol laethúil - do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail.

Tá fonn orainn cloisteáil ó dhaoine nach gcloistear a nguthanna i gcónaí ach go háirithe, lena n-áirítear pobail mhionlaigh agus pobail atá faoi mhíbhuntáiste. Beidh ról lárnach ag feabhsú cothromais sláinte sa chreat nua, agus ní féidir linn é seo a dhéanamh gan do léargas agus do thaithí saoil.

Meastar go dtógfaidh sé deich nóiméad ort chun an suirbhé a chomhlánú.

Is é an 22ú lá de mhí Aibreáin 2026 an spriocdháta chun aighneacht a chur isteach maidir leis an gcomhairliúchán ar líne seo.

Cuirfear na dearcthaí agus na tuairimí a bhailítear san áireamh agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi pholasaithe amach anseo.

Conas Páirt a Ghlacadh

Cliceáil ar an nasc ‘Comhlánaigh an Suirbhé’ thíos le do thoil chun an suirbhé a dhéanamh. Atreorófar chuig suíomh suirbhé an AE thú, áit a dtabharfar tuilleadh treoracha duit maidir le conas an suirbhé a chomhlánú.

Tabhair do d'aire:

Nílimid ach ag lorg tuairimí ó chónaitheoirí na hÉireann amháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.gov.ie/en/healthy-ireland/publications/healthy-ireland-framework-2019-2025/

Cad a dhéanfaimid le d’fhreagra

Ullmhófar tuarascáil chomhairliúcháin bunaithe ar fhreagraí an cheistneora seo. Mar sin féin, ní thuairisceofar freagraí aonair. Breithneofarna dearcthaí agus na tuairimí a bhailítear agus úsáidfear iad chun bonn eolais a chur faoi pholasaithe do Chreat Éire Shláintiúil Nua amach anseo.

Coinneofar gach freagra go dtí an t-am a mheasfaidh an Chartlann Náisiúnta iad le cinneadh a dhéanamh an gá iad a choinneáil go buan mar ábhair chartlainne de réir oibleagáidí na Roinne faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986.

Déileálfar go docht le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear faoi bhráid na Roinne de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2016/67 agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

Tabhair do d’aire gur féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar na haighneachtaí a fhaighimid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 a fheiceáil agus dá bhrí sin is féidir aighneachtaí a scaoileadh mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise. Is dóichí go dtarlóidh sé seo le freagraí ó eagraíochtaí. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an t-iarrthóir d'fhreagraí a fháil ar an gceistneoir, ach dhéanfaí aon fhaisnéis phearsanta a chuirtear san áireamh i bhfreagraí a leasú sula n-eiseofaí í. Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig:

HealthyIreland@health.gov.ie

Téigh chuig Ráiteas Príobháideachta na Roinne Sláinte

Admháil

Ba mhaith leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta uirthi as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí a buíochas ó chroí a ghabháil leat as do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán poiblí seo. Cabhróidh d'ionchur le beartais agus reachtaíocht amach anseo a mhúnlú maidir leis an tosaíocht thábhachtach sláinte poiblí seo.

Comhairliúchán seachtrach

Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat