Dréachtstraitéis Náisiúnta Drugaí: Comhairliúchán Poiblí
- Foilsithe: 26 Feabhra 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 26 Feabhra 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 10 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 26 Feabhra 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Ba bhreá linn cloisteáil uait!
Sheol an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor, T.D., comhairliúchán poiblí chun cur i gcrích na chéad Straitéise Náisiúnta Drugaí eile a threorú.
Aithníonn an tAire go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach ar fud na sochaí i bhfreagairt na hÉireann ar úsáid drugaí agus tá sí anois ag lorg tuairimí an phobail, lena n-áirítear daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar úsáid drugaí san am atá caite nó faoi láthair, chomh maith le soláthraithe seirbhísí, carthanais, grúpaí abhcóideachta agus ionadaithe poiblí, ionas go gcuirfear san áireamh go hiomlán iad sa straitéis chríochnaithe. Cabhróidh sé seo lena chinntiú go léireoidh an straitéis an staid reatha, chomh maith le nádúr dinimiciúil agus síor-athraitheach úsáid fhadhbach drugaí agus alcóil.
Cuspóir
Is saincheist mhór sláinte agus sábháilteachta iad drugaí mídhleathacha ar fud na hEorpa agus in Éirinn. Tá úsáid drugaí le sonrú anois i ngach cuid de shochaí na hÉireann, agus tá níos mó daoine ag úsáid roinnt substaintí ag an am céanna, go háirithe cócaon, alcól agus drugaí sintéiseacha níos nuaí. Cruthaíonn sé seo dúshláin nua don chúram sláinte agus don bheartas.
Gealltar i gClár an Rialtais 2025: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú cur chuige atá bunaithe ar an tsláinte i leith úsáid drugaí.
Samhlaítear sa chéad Straitéis Náisiúnta Drugaí eile sochaí ina laghdaítear an dochar a eascraíonn as úsáid drugaí agus alcóil do dhaoine aonair, do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail, agus ina mbíonn cúram sláinte agus sóisialta dóibh siúd atá buailte ar ardchaighdeán, inrochtana, cothrom, dírithe ar an duine, comhtháite agus dírithe ar théarnamh. Beidh tionchar ag an straitéis seo ar shaol líon mór daoine aonair, teaghlach agus pobal ar fud na tíre.
Seasann an straitéis nua leis an gceart chun sláinte, ag aithint go bhfuil daoine a úsáideann drugaí nó alcól ar bhealach díobhálach i dteideal rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte agus go dtacófar leo ina dturas téarnaimh, beag beann ar chúlra sóisialta nó ar shuíomh.
Tugtar breac-chuntas ann ar chúig cholún straitéiseacha:
- cosaint ar dhíobháil;
- soláthar seirbhísí cóireála ar ardchaighdeán;
- téarnamh a chur chun cinn;
- tosaíocht a thabhairt do thacaíochtaí sláinte thar smachtbhannaí coiriúla;
- ullmhacht le haghaidh bagairtí domhanda drugaí.
Cuirfear na colúin sin chun cinn trí 30 gníomh ar leith sa chéad dá bhliain, agus sraith nua gníomhaíochtaí molta don dá bhliain eile den straitéis.
Rinneadh comhairliúchán fairsing maidir le forbairt na straitéise, lena n-áirítear an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí agus sraith imeachtaí le páirtithe leasmhara.
Tá comhairliúchán poiblí ar siúl anois chun a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a dtuairimí a chur isteach maidir leis an Dréacht Straitéis Náisiúnta Drugaí 2026 go 2029.
Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl ar feadh sé seachtaine go dtí an 10 Aibreán 2026.
Conas páirt a ghlacadh
Cliceáil ar an nasc “Féach ar an gcomhairliúchán” thíos chun páirt a ghlacadh. Atreorófar thú chuig suíomh suirbhé an AE, áit a dtabharfar treoracha breise duit maidir le conas an suirbhé a chomhlánú.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Cuirfidh na freagraí a gheofar leis an obair ar fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Drugaí críochnaithe lena gceadú ag an Aire.
Tá sé i gceist againn tuarascáil achomair a fhoilsiú ina leagfar amach na freagraí a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh. Ní fhoilseofar aon fhaisnéis phearsanta.
Comhairliúchán seachtrach
Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.