English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara i leith Phainéal na Saineolaithe um Thithe Altranais agus COVID-19: Glao ar Aighneachtaí i Scríbhinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Meitheamh 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Meitheamh 2020
  • Dúnadh na haighneachtaí: 18 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 26 Lúnasa 2020

Consultation is closed

Bhunaigh an tAire an Painéal chun ábhar foghlamtha agus moltaí fíor-ama a chur ar fáil láithreach bonn i bhfianaise an tionchair leanúnach a bhfuiltear ag súil le bheith ag COVID-19 ar Thithe Altranais sna 12-18 mí atá amach romhainn.

Mar chuid den obair atá á déanamh ag ann bPainéil Saineolaithe, tá sé ag tabhairt faoi phróisis chomhairliúcháin thapa chun teagmháil a dhéanamh le raon de pháirtithe leasmhara ar bhealaí éagsúla.

Tá Painéal Saineolaithe an-sásta cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i bpróiseas rannpháirtíochta a bheidh cuimsitheach agus spriocdhírithe.

Is éard is aidhm an chaidrimh seo ná ionchur, peirspictíocht agus saintaithí a fháil maidir leis an bpaindéim COVID-19 agus an tionchar atá aici ar thithe altranais, agus béim ar leith curtha ann ar fhreagartha breise a phleanáil maidir le tithe altranais sna 18 mí amach romhainn.

Is foinse ríthábhachtach faisnéise iad aighneachtaí, agus cabhraíonn siad chun bonn eolais a chur leis na díospóireachtaí a dhéanann an Painéal.

Má bhraitheann tú go bhfuil aon ionchur, barúlacha agus / nó saintaithí ann maidir leis an bpaindéim COVID-19 agus tithe altranais gur cheart don Phainéal a bheith ar an eolas fúthu, tá fáilte romhat aighneacht a dhéanamh ar an bhfoirm aighneachta tiomnaithe agus í a chur isteach chuig cuir ríomhphost NHExpert_Panel@health.gov.ie

Mar gheall ar an bpráinn atá i gceist leis an obair atá á déanamh ag an bPainéal, beifear ag cloí go docht leis an spriocdháta Déardaoin, an 18 Meitheamh 2020 nach mór do na haighneachtaí a bheith istigh faoi.

Cuirfear na haighneachtaí atá faighte faoin dáta sin san áireamh mar chuid den bhreithneoireacht a bheidh á déanamh ag an bPainéal.

Tá an Painéal Saineolaithe tar éis iarraidh ar an Roinn Sláinte faisnéis a scaipeadh maidir leis an ngairm ar aighneachtaí.

Nóta: Tagann gach uile aighneacht a chuirtear isteach chun na críche seo in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach san aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

COVID-19 Nursing Homes Expert Panel - Consultation Survey Form
Download link for Íoslódáil