Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannán Corparáideach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an Rannán Corparáideach freagrach as:

  • beartas um an mbainistíocht acmhainní daonna straitéiseacha éifeachtach a fhorbairt chun a chinntiú go bhforbrófar fórsa saothair atá gníomhach, ardfheidhmíochta de réir mar atá ag teastáil chun cuspóirí gnó na roinne a bhaint amach agus béim ar leith curtha ar an fhorbairt eagraíochtúil, ar rannpháirtíocht na bhfostaithe agus ar theagasc agus forbairt na foirne
  • tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí atá ag an roinn faoi Phlean Athnuachana na Státseirbhíse
  • feidhm seirbhísí corparáideacha agus cóiríochta na roinne a bhainistiú
  • seirbhísí inmheánacha TFC agus an beartas ceannaigh agus soláthair inmheánach a chomhordú agus a fhorbairt
  • seirbhísí dlí a sholáthar don Aire agus don roinn
  • an fheidhm cumarsáide seachtraí a bhainistiú
  • an teagmháil idirghníomhach leis an Oireachtas agus bainistiú na bpróiseas sa Roinn maidir le cúrsaí Parlaiminte, Saorála Faisnéise agus na Bainistíochta Taifead
  • an Creat Rialachais a fhorbairt don roinn
  • comhlíonadh an Achta um Brústocaireacht agus an Achta um Nochtadh Cosanta
  • feidhmeanna pleanála gnó agus bainistíochta riosca chomh maith le feidhmeanna na hOifige Bainistíochta Cláir

Tá an Rannán freagrach as idirghníomhaíocht na roinne le Coimisiúin Imscrúdaithe atá fós ar siúl freisin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat