An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
- Foilsithe: 9 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2020
Bunaíodh An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) faoin Acht Sláinte, 2007. Is é HIQA an tÚdarás neamhspleách ar bunaíodh é chun an feabhsúchán leanúnach a spreagadh sna seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn. Tagann an tÚdarás faoi choimirce an Aire Sláinte agus tá 12 comhaltaí ar an mBord ann.
Is é ról HIQA an cháilíocht agus an tsábháilteacht a chur chun cinn sa soláthar seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta ar mhaithe le slainte agus leas an phobail. Mar eagraíocht neamhspleách, tá an tÚdarás tiomanta don chaidreamh oscailte agus don trédhearcacht lena gheallsealbhóirí. Tá a neamhspleáchas laistigh den chóras sláinte ríthábhachtach más rud é bhfuiltear chun a bheith rathúil maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna.