Déan teagmháil leis an Roinn Sláinte
- Foilsithe: 16 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2025
- Seirbhísí do Chustaiméirí
- An tSaoráil Faisnéise
- An Phríomhoifig
- Gearáin Sláinte
- An FSS
- Oifig an Aire
- An Phreasoifig
- Nochtaí Cosanta
- An tOifigeach Achomhairc Míchumais
Soláthraíonn an Roinn Sláinte ceannaireacht, ordachán i dtaobh beartais, chomh maith leis an rialachas agus maoirseacht ar an fheidhmíocht don earnáil sláinte. Chun sin uile a dhéanamh, bímid ag fáil agus ag próiseáladh sonraí pearsanta. I roinnt cásanna áirithe, beidh sé riachtanach sonraí pearsanta a roinnt le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile.
Is féidir cóip de Ráiteas Príobháideachais na Roinne a fháil anseo.
Chun cabhrú linn freagra a thabhairt le do cheist ar an mbealach is fearr, déan machnamh le do thoil ar cén cheann de na roghanna seo a leanas a n-oireann is fearr leat.
Más rud é go bhfuil comhfhreagras déanta agat leis an roinn cheanna féin, má luann tú d’uimhir thagartha cabhróidh sé sin linn tú a aithint agus cabhróidh sé sin linn le do cheist a phróiseáil.
Seirbhísí do Chustaiméirí
Cloímid le Prionsabail na Seirbhíse do Chustaiméirí Ardchaighdeáin de réir ár bPlean Gníomhaíochta Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ár gCairt do Chustaiméirí.
An tSaoráil Faisnéise
Mar atá sé i ndáil le gach aon roinn rialtais eile, tagann an Roinn Sláinte, faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.
An Phríomhoifig
Head Office
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50 – 58 Lower Baggot Street, Dublin 2, D02 XW14
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 635 4000
Gearáin Sláinte
Tá faisnéis ar fáil ar healthcomplaints.ie faoi conas gearán a dhéanamh nó aiseolas a chur isteach faoi sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn. Forbraíodh é do dhaoine a úsáideann seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn, chomh maith lena dteaghlaigh, a gcúramóirí agus a n-abhcóidí.
Tá eolas áirithe ann maidir le:
- conas gearán a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse, le hOmbudsmen agus le rialtóirí gairmiúla
- conas ábhar imní a chur in iúl do rialtóirí dála HIQA nó an An Coimisiún Sláinte Meabhrach
- seirbhísí ionadaíochta a bheidh de chuidiú leat chun gearán a dhéanamh
An FSS
Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (An FSS) seirbhísí sláinte poiblí uile na hÉireann in ospidéil agus i bpobail ar fud na tíre.
Má tá ceist agat faoi sheirbhísí sláinte, faoi do theidlíochtaí nó faoi conas rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte nó sóisialta an FSS i do cheantar féin:
- cuir glaoch ar Líne Chabhrach an FSS ar 1800 700 700, nó
- téigh go dtí Seirbhísí Sláinte in Éirinn
Oifig an Aire
Minister Carroll MacNeill's Office
- Seoladh:
- Minister's Office, Department of Health, Block 1, Miesian Plaza, 50 – 58 Lower Baggot Street, Dublin 2, D02 XW14
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
An Phreasoifig
Déanaimid idirchaidreamh leis na meáin go léir thar ceann an Aire, na nAirí Stáit agus na Roinne Sláinte.
Is féidir féachaint ar an Ionad Nuachta againn chun teacht ar an nuacht is úrnua ón roinn.
Lean muid ar Twitter ag @roinnslainte.
Ba chóir fiosrúcháin ó na meáin a chur chuig:
Press Office
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50 – 58 Lower Baggot Street, Dublin 2, D02 XW14
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost: