An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cheadaigh an Rialtas an Bille Sláinte Poiblí (Alcól) an 8 Nollaig 2015.
Tá sé mar aidhm ag an mbille tomhaltas alcóil in Éirinn a laghdú go 9.1 lítear in aghaidh an duine in aghaidh na bliana faoi 2020 agus na díobhálacha a bhaineann le halcól a laghdú.
Tá 29 roinn sa Bhille agus tá cúig phríomhfhoráil ann.
Is iad seo:
- íosphraghsáil aonaid
- lipéadú sláinte ar tháirgí alcóil
- fógraíocht agus urraíocht táirgí alcóil a rialáil
- scaradh struchtúrach táirgí alcóil in asraonta trádála measctha
- díol agus soláthar alcóil in imthosca áirithe a rialáil