English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Tuarascáil ón nGrúpa Oibre Idir-Rannach a cuireadh ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar na moltaí sláinte agus folláine atá sa Chéad Tuarascáil ón bhFóram Comhoibríoch

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 20 Nollaig 2019

Chuir an Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Fóram Comhoibríoch ar bun i mí an Mheithimh 2018 chun comhphlé agus gníomhaíocht a éascú ar shaincheisteanna a bhaineann le hIarchónaitheoirí Áras Máithreacha agus Naíonán agus foras gaolmhar. Cuireadh an Chéad Tuarascáil ón bhFóram faoi bhráid an Aire Zappone i mí na Nollag 2018 agus déantar inti trí mholadh fhadréimseacha is daichead a bhaineann le trí réimse ar leith, is iad sin: (1) Faisnéis, Féiniúlacht, Téarmaíocht agus Mífhaisnéis; (2) Tacaí Sláinte agus Folláine; agus (3) Coinneáil i gCuimhne agus Scéalta Pearsanta.

Tar éis don Rialtas breithniú a dhéanamh ar na moltaí an 15 Aibreán 2019, comhaontaíodh go ndéanfadh an tAire Sláinte (i measc nithe eile) tograí a fhorbairt le haghaidh pacáiste tacaí sláinte agus folláine a chur le chéile d’Iarchónaitheoirí foras gaolmhar, lena n-áirítear rochtain a thabhairt ar aon bhearta riachtanacha sláinte agus cúraim shóisialta. Dá bhrí sin, thionóil an tAire Sláinte Grúpa Oibre tiomnaithe i mí na Bealtaine 2019 chun measúnú fairsing a dhéanamh ar an aon mholadh sláinte agus folláine is fiche atá sa Chéad Tuarascáil agus chun tograí a fhorbairt le haghaidh pacáiste tacaí sláinte agus folláine. Cuireadh Meabhrán faoi bhráid na Comh-aireachta an 19 Nollaig, rud inar cuireadh an Rialtas ar an eolas go foirmiúil faoi thoradh phróiseas an Ghrúpa Oibre.

Is féidir an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre a rochtain thíos.

Inter-Departmental Working Group Report to examine Health and Well-being Recommendations for Former Residents of Mother & Baby Homes
Amharc amharc