English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú ar oibriú an Achta Sláinte (Rialáil Foirceannadh Toircheas) 2018: Comhairliúchán Poiblí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 27 Aibreán 2022


Cúlra

Shínigh an tUachtarán an tAcht Sláinte (Foirceannadh um Thoirchis a Rialáil) 2018 (“an tAcht”) ina dhlí ar an 20 Nollaig 2018 agus cuireadh tús le gach alt an 1 Eanáir 2019.

Sé príomhchuspóir an Achta ná an dlí a rialaíonn rochtain ar fhoirceannadh toirchis in Éirinn a leagan amach. Ceadaíonn sé foirceannadh a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil baol ann do bheatha na mná atá ag iompar clainne nó díobháil thromchúiseach dá sláinte; i gcás go bhfuil fadhb sláinte ann, a bheadh mar chúis bháis den fhéatas, roimh nó laistigh de 28 lá ón mbreithe; agus gan srian suas le 12 sheachtain an toirchis.

Is féidir cóip den Acht a íoslódáil [external-link http://www.irishstatutebook.ie/eli/2018/act/31/enacted/en/html | anseo. ]


Athbhreithniú ar oibriú an Achta

Luaitear in Alt 7 den Acht Sláinte (Foirceannadh um Thoirchis a Rialáil) 2018

“Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 bhliain tar éis teacht an ailt seo i bhfeidhm, athbhreithniú ar oibriú an Achta seo."

Cuireadh an clásal athbhreithnithe san áireamh in Acht 2018 chun monatóireacht ar oibriú na reachtaíochta i ndáiríre a éascú, chomh maith le seachadadh na seirbhísí sa réimse.

Tá an t-athbhreithniú luaite i gClár an Rialtais Our Shared Future freisin.

Tabharfar aghaidh trí pháirt ar athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú Acht 2018, le snáitheanna ag díriú ar úsáideoirí seirbhíse, soláthraithe seirbhíse agus comhairliúchán poiblí. Maidir le eolas a dhéanamh do snáithe an úsáideora seirbhíse agus do snáithe an tsoláthraí seirbhíse, déanfar an taighde a choimisiúnú agus a chur i gcrích go neamhspleách.

Bhainistigh an Roinn Sláinte an comhairliúchán poiblí seo. Bhí an comhairliúchán poiblí seo ar oscailt ó Nollaig 2021 go 1 Aibreán 2022. Ba é aidhm an chomhairliúcháin seo ná tuairimí an phobail a lorg ar oibriú an Achta Sláinte (Rialú Foirceannadh Toircheas) 2018 (“Acht 2018”).


Aighneachtaí

Ba mhaith leis an Roinn Sláinte buíochas a ghabháil le baill an phobail agus le páirtithe leasmhara as a n-aighneachtaí uilig a sheoladh ar aghaidh.

Ba é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí a sheoladh ná deireadh ghnó Dé hAoine, 1 Aibreán 2022. Ní féidir aighneachtaí a fhaightear tar éis an spriocdháta a mheas agus ní glacfar le haon síntí.


Fógra Príobháideachta

Déileáiltear le haon fhaisnéis phearsanta a thug tú go deonach don Roinn seo de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, de réir Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus de réir an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Mar sin féin, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:

  • Ag brath ar an méid aighneachtaí uilig, d'fhéadfadh an Roinn na haighneachtaí a fhoilsiú chomh maith le tuarascáil a thugann breac-chuntas ar na príomhthéamaí a tháinig chun chinn as an gcomhairliúchán poiblí. Is féidir leis an Roinn liosta iomlán díobh siúd a rinne aighneachtaí a fhoilsiú in aguisín ag gabháil leis an tuarascáil.
  • Toisc go bhfuil faisnéis a fhaigheann an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh amach faoin Acht sin i gcásanna áirithe.
  • Is féidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sna haighneachtaí a roinnt le Ranna Rialtais eile agus le heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe. Déanfar aon fhaisnéis phearsanta agus aitheantais a bhaint amach sula roinnfear í.
  • Nuair a chuireann tú aighneacht ar fáil don Roinn, tugann tú cead don Roinn do chuid faisnéise a phróiseáil. Ní bhainfear úsáid as do chuid sonraí ach amháin i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar oibriú an Achta Sláinte (Rialú Foirceannadh Toircheas) 2018, agus ní úsáidfear í chun aon chríche eile. Más mian leat d’aighneacht a tharraingt siar ag am ar bith, déan teagmháil le Bioethics2Unit@health.gov.ie
  • Tá Polasaí Príobháideachta na Roinne le feiscint ag https://www.gov.ie/en/organisation-information/2f7457-department-of-healths-privacy-policy/
  • Coimeádfar na haighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe críochnaithe agus an tuarascáil deiridh foilsithe.

Na chéad chéimeanna eile

Cuideoidh na haighneachtaí uilig a fuarthas leis an athbhreithniú ar oibriú an Achta.