English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Breithnithe eiticiúla a bhaineann le cúram criticiúil i gcomhthéacs COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2020


Réamhrá

Ar Aoine 3 Aibreán, cheadaigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) an treoir maidir le “Breithnithe eiticiúla a bhaineann le cúram criticiúil i gcomhthéacs COVID-19”.

Tá an treoir seo dírithe ar bhaill foirne cliniciúla a d’fhéadfadh a bheith bainteach le cinntí a dhéanamh maidir le tosaíocht a thabhairt d’acmhainní cúraim chriticiúil i gcomhthéacs COVID-19.

Tá an Roinn Sláinte ag obair go dian le FSS le linn na míosa seo caite chun an acmhainn cúraim chriticiúil laistigh de chóras na n-ospidéal a mhéadú go suntasach.

Tá sé mar aidhm ag na bearta fairsinge a tugadh isteach le seachtainí beaga anuas “an cuar a leathadh” agus a chinntiú go mbeidh na hacmhainní riachtanacha ag ospidéil chun cóir leighis a chur orthu siúd a dteastaíonn uathu dul san ospidéal mar thoradh ar COVID-19.


Brúnna ar ár nAcmhainní Cúraim Chriticiúil

Gach lá, úsáideann cliniceoirí inár n-ospidéil a mbreithiúnas cliniciúil agus cinneadh á dhéanamh acu ar na hothair a bhainfidh leas as cóireáil dianchúraim. Tá baint ag COVID-19 le breoiteacht riospráide géarmhíochaine, agus beidh tacaíocht riospráide de dhíth ar roinnt othar (mar shampla, ocsaigin, aeráil agus mar sin de) agus ligean isteach le haghaidh cóireála dianchúraim.

Má leanann líon na gcásanna ag méadú, d’fhéadfadh go dtiocfadh brú ar acmhainní cúraim chriticiúil, rud a leagann béim ar a thábhachtaí atá sé cloí le bearta agus comhairle sláinte poiblí. Ina leithéid de chás, tá sé de dhualgas acmhainní teoranta a úsáid go stuama agus go cothrom chun an caillteanas beatha agus fulaingt a íoslaghdú agus an tairbhe is mó is féidir a thabhairt do dhaoine aonair a bhfreastalaíonn na hidirghabhálacha sin orthu.


Aidhm na Treorach

Tá sé mar aidhm ag an treoir seo tacú le cliniceoirí atá ag obair i dtimpeallacht éilitheach chasta, leanúint ar aghaidh ag úsáid breithiúnas cliniciúil maith agus iad ag teacht ar chinntí maidir leis na hothair is mó a bhainfidh tairbhe as idirghabhálacha cúraim chriticiúil. Is é an pointe tosaigh, mar is gnách, do chinntí den sórt sin go bhfuil tábhacht le gach saol; gheobhaidh gach duine cúram.

Tá sé riachtanach go bpléann cliniceoirí na rioscaí agus na tairbhí féideartha a bhaineann le dianchúram le hothair (nuair is féidir) agus lena dteaghlaigh roimh an ICU, nó nuair a ligtear isteach iad. Ní bheidh gach othar ag iarraidh a aeráil in aonad dianchúraim.

Ba cheart rochtain ar dhianchúram a chur in áirithe go ginearálta do na hothair sin is dóichí a bhainfeadh tairbhe as (iad siúd ar dóigh dóibh maireachtáil ar a ngéar-thinneas le stádas feidhmiúil fadtéarmach réasúnta). Níor cheart aon fhachtóir amháin (e.g. aois duine) a ghlacadh, ina aonar, mar fhachtóir cinnte agus níor cheart cinntí a dhéanamh go treallach nó ar bhealach a d’fhéadfadh idirdhealú éagórach a dhéanamh.

Sa chás go gcinntear nach bhfuil soláthar cóireála dianchúraim tairbheach nó indéanta i bhfianaise na gcúinsí, cuirfear cineálacha eile cóireála atá ar fáil agus a d’fhéadfadh a bheith tairbheach ar fáil d’othair.


Breithnithe eiticiúla a bhaineann le cúram criticiúil i gcomhthéacs COVID-19

Ethical considerations relating to critical care in the context of COVID-19
Amharc amharc
Ethical Considerations Critical Care: Supplementary Information
Amharc amharc