Coimre Faisnéise: Ról, feidhm, agus soláthar oibrithe cúraim baile i gceithre tír san Eoraip
- Foilsithe: 24 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá scéim reachtúil á forbairt ag an Roinn Sláinte chun seirbhísí tacaíochta baile a mhaoiniú agus a rialáil, laistigh de chomhthéacs leathan na n-athchóirithe Sláintecare, agus ar aon dul leis an tiomantas atá i gClár an Rialtais a leithéid de scéim a thabhairt isteach. Chun tacú leis an obair seo, tugadh coimisiún don Bhord Taighde Sláinte (BTS) coimre faisnéise a fhorbairt a dhíreodh ar dhá phríomhcheist taighde:
- Cad é ról na n-oibrithe cúram baile maidir le seirbhísí cúram baile a sholáthar i gceithre tír san Eoraip
- Cad iad na dúshláin a bhaineann le hoibrithe cúraim bhaile a earcú agus a choimeád, mar aon le réitigh a moladh nó a cuireadh i bhfeidhm sna tíortha a roghnaíodh chun dul i ngleic leis na dúshláin seo?
Don choimre faisnéise seo, níor áiríodh ach ballstáit den AE agus tíortha na Ríochta Aontaithe. Ba iad seo a leanas na ceithre tíortha Eorpacha a roghnaíodh mar chás-staidéir:
- An Ghearmáin
- An Ísiltír
- Albain (Ríocht Aontaithe), agus
- An tSualainn.
Cuireann an choimre faisnéise leis an taighde a choimisiúnaigh an Roinn mar eolas don fhorbairt atá le déanamh ar an scéim reachtúil. Cuirfidh an Roinn Sláinte é seo san áireamh de réir mar a dhéantar tuilleadh oibre chun rialacháin a fhorbairt do sholáthróirí d’oibrithe cúraim bhaile, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fórsa saothair san earnáil.