An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Coiste Comhairleach othar ailse - Glao ar Léirithe Spéise i gComhaltas
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá léirithe spéise á lorg le haghaidh comhaltas de Choiste Comhairleach Othar Ailse, a chuireadh ar bun de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026.
Moladh 39: Cuirfidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach Othar Ailse ar bun chun ionchur a thabhairt nuair a bhíonn cláir á bhforbairt d’othair a bhfuil ailse orthu. Beidh an comhaltas den choiste sin ag teacht le cineál éagsúil na n-othar a bhfuil tionchar á imirt ag an ailse ar a saol agus cinnteoidh sé go ndéanfar ionadaíocht do na riachtanais atá ag othair a chónaíonn i gceantair iargúlta.
Den chuid is mó, beimid ar lorg daoine a bhfuil taithí dhíreach acu ar chóireáil ailse mar othar. Mar sin féin, d’fhéadfadh go ndéanfaí comhaltaí de dhaoine a thug tacaíocht do bhall teaghlaigh nó do dhlúthchara le linn cóireáil ailse roimhe seo nó de dhaoine a thugann tacaíocht d’othair ailse mar chuid dá bpost freisin.
Aon daoine atá ag iarraidh léiriú spéise a chur in iúl ina bheith ina gcomhalta den Choiste, iarrtar orthu an fhoirm ‘Léirithe Spéise’ faoi iamh a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chugainn le ríomhphost CPAC2023@health.gov.ie faoin 10 Feabhra 2023.