Comhlacht Athbhreithnithe Saineolaithe ar Altranas agus Cnáimhseachas
- Foilsithe: 1 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bhunaigh an tAire Sláinte an Comhlacht Athbhreithnithe Saineolaithe ar Altranas agus Cnáimhseachas chun athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis na gairmeacha altranais agus cnáimhseachais. Is píosa oibre tábhachtach é an t-athbhreithniú seo, atá leagtha síos i gcomhthéacs Mholadh na Cúirte Oibreachais i mí Feabhra 2019 agus an athchóirithe phleanáilte shuntasaigh ar ár seirbhísí sláinte araon.
Tá an grúpa Athbhreithnithe faoi chathaoirleacht an Dr. Moling Ryan agus tá sé comhdhéanta de bhaill a dhéanann ionadaíocht ar shaineolas gairmiúil náisiúnta agus idirnáisiúnta, teicneolaíocht i gcúram sláinte, agus ionadaithe ón bhfoireann agus ó fhostóirí. Cuireadh obair an ghrúpa athbhreithnithe ar an eolas tuilleadh trí aighneachtaí agus cuir i láthair ó ghrúpa leathan páirtithe leasmhara.
Tá an Comhlacht Athbhreithnithe Saineolaithe chun a thuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Sláinte i R2 2021.