English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

COVID-19 (Coróinvíreas): Faisnéis ó gach cuid den rialtas

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 6 Iúil 2020


Seisiúin eolais laethúla ón rialtas

Is féidir gach seisiún eolais laethúil ar fhreagra an rialtais ar COVID-19 a fháil anseo.


Comhairle taistil


Pleananna agus forbairtí ar leibhéal náisiúnta

Ceadaíonn an Rialtas sonraí faoin Deontas Atosaithe do Ghnólachtaí Beaga

Tá mionsonraí maidir le Deontas Atosaithe nua €250 milliún comhaontaithe ag an rialtas, a thabharfaidh cúnamh díreach deontais do mhicrea-ghnólachtaí agus do ghnólachtaí beaga chun cabhrú leo leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú oibrithe tar éis dhúnadh COVID-19.

Léigh tuilleadh


Foilsíonn an tAire Humphreys Prótacal Náisiúnta um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte

D’fhoilsigh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, an Prótacal Náisiúnta um Fhilleadh ar Obair go Sábháilte.

Leagann an Prótacal amach go soiléir agus go cuimsitheach na céimeanna agus na próisis a chaithfidh gnóthaí a ghlacadh chun leathadh COVID-19 san ionad oibre a mhaolú.

Léigh tuilleadh


Geallann Éire €18 milliún chun tacú le Comhghuaillíocht Vacsaíne GAVI sa troid i gcoinne COVID-19

D’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar go bhfuil €18 milliún geallta ag Éirinn mar chuid d’iarrachtaí domhanda an coróinvíreas a shárú.

Tá €18 milliún geallta ag an Rialtas mar thacaíocht do GAVI, an Chomhghuaillíocht Vacsaíne, le húsáid idir 2021 agus 2025.

Léigh tuilleadh


Leagann an Rialtas amach bearta breise chun tacú le gnólachtaí a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu

Shocraigh an Rialtas, ar chruinniú speisialta de na hAirí Rialtais, tacar de bhearta chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghnólachtaí beaga, meánmhéide agus móra a bhfuil tionchar diúltach ag Covid-19 orthu.

Tagann sé seo i ndiaidh fhoilsiú Phlean Oibre an Rialtais chun an tSochaí agus Gnó a Athoscailt, ina leagtar amach plean cúig céim le srianta Covid-19 a mhaolú agus geilleagar agus sochaí na hÉireann a athoscailt.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an Rialtas 26 tionscadal nua taighde agus nuálaíochta COVID-19

D’fhógair an rialtas mionsonraí faoi na chéad 26 tionscadal a gheobhaidh maoiniú €5 mhilliún faoin bhfreagairt náisiúnta, chomhordaithe taighde agus nuálaíochta nua-bhunaithe ar phaindéim COVID-19, ag comhlánú na hoibre taighde atá ar bun cheana in institiúidí ardoideachais.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire McHugh socruithe athraithe don tSraith Shóisearach 2020

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, socruithe athraithe don tSraith Shóisearach i mbliana.

Rinneadh an cinneadh sin tar éis moltaí a fháil ó ghrúpa comhairleach páirtithe leasmhara mar chuid den phleanáil do Scrúduithe Stáit mar fhreagairt ar bhearta sláinte phoiblí Covid-19 agus ar an gcinneadh nach ndéanfar Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i mbliana.

Léigh tuilleadh


Seolann an Taoiseach feachtas #AnnLeChéile

Sheol an Taoiseach, Leo Varadkar, feachtas - Ann Le Chéile - a bhfuil d'aidhm aige cabhrú le gach duine in Éirinn fanacht nasctha, a bheith gníomhach agus aire a thabhairt dá bhfolláine mheabhrach le linn ghéarchéim Covid-19.

Léigh tuilleadh


Ráiteas Rialtais ar imeachtaí ceadúnaithe

Chuir an Rialtas in iúl d’údaráis áitiúla gur chóir tionscnóirí imeachtaí a chur ar an eolas nach mbreithneofar imeachtaí a éilíonn ceadúnais os cionn 5,000 don tréimhse suas go deireadh mhí Lúnasa.

Léigh tuilleadh


Seolann an Roinn Dlí agus Cirt feachtas chun cabhrú le híospartaigh drochíde sa teaghlach

Féachann mórfheachtas nua teilifíse, raidió agus na meán sóisialta a théann i ngleic le ceist thromchúiseach an fhoréigin teaghlaigh i gcomhthéacs bearta COVID-19 le híospartaigh a chur ar a suaimhneas go bhfuil seirbhísí ‘fós anseo’, agus go bhfuil tosaíocht á tabhairt d’íospartaigh.

D'fhorbair an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais na fógraí nua a chomhoibrigh le seirbhísí líne tosaigh.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire Donohoe nuashonrú don Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá chun coinneáil foirne agus naisc níos fearr idir fostóir agus fostaí a chinntiú

D’fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, roinnt athruithe breise ar an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá a bhaineann leo siúd a thuilleann níos lú ná €500 in aghaidh na seachtaine (thart ar €31,000) chomh maith leo siúd a thuilleann níos mó ná €586 in aghaidh na seachtaine (€38,000).

Léigh tuilleadh


Socruithe staonta curtha i bhfeidhm do tháirgí morgáiste údaráis áitiúil

Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy TD, go bhfuil socruithe staonta curtha i bhfeidhm do tháirgí morgáiste údaráis áitiúil.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire McHugh go bhfuil na Scrúduithe Stáit curtha ar athló

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD sraith d'athruithe ar Scrúduithe Stáit 2020 mar chuid de bhearta chun freagairt do COVID-19.

Áirítear orthu sin:

Léigh tuilleadh


Fáiltíonn Airí roimh bhearta comónta ar fud fhormhór na n-árachóirí do chustaiméirí gnó mar fhreagairt ar COVID-19

D’fháiltigh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, agus an tAire Sóisearach sa Roinn Airgeadais, Michael D’Arcy, roimh chomhaontú ó fhormhór na bpríomhárachóirí i margadh na hÉireann - eadhon Allianz, AIG, AXA, FBD, RSA, Liberty Insurance, Travelers Insurance agus Zurich - go gcuirfidh siad bearta comónta áirithe i bhfeidhm a bheidh ar fáil dá gcustaiméirí gnó.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire Donohoe ráta nialasach CBL ar sholáthar intíre táirgí cosanta pearsanta

D'iarr an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, ar na Coimisinéirí Ioncaim ráta nialasach CBL a chur i bhfeidhm ar threalamh cosanta pearsanta, aerálaithe agus ocsaigin de réir mar is gá chun COVID-19 a chomhrac nuair a sholáthraítear é chuig ospidéil, tithe altranais, cleachtais dochtúirí teaghlaigh agus a leithéidí, le húsáid chun seirbhísí cúraim sláinte a bhaineann le COVID-19 a sholáthar dá n-othair.

Léigh tuilleadh


Seolann Madigan agus Donohoe bearta chun tacú le saol ealaíne agus cultúrtha na hÉireann

D’fhógair an rialtas raon beart sonrach chun tacú le saol ealaíne agus cultúrtha an náisiúin ag an am deacair seo - le fócas ar leith ar fholláine trí chruthaitheacht phearsanta agus phobail.

Léigh tuilleadh


Q1 Cuireann Tuairisceáin Státchiste béim ar an gcéad tionchar de ghéarchéim COVID-19

Taifeadadh easnamh Státchiste de €2,535 milliún go deireadh mhí an Mhárta 2020. Tá sé seo i gcomparáid le heasnamh de €966 milliún sa tréimhse chéanna anuraidh.

Léigh tuilleadh


Seolann an Rialtas móriarracht saorálaíochta ar fud na tíre

D’fhógair an rialtas “Glao an Phobail”, slógadh gan fasach d’acmhainní stáit agus deonacha chun éifeachtaí COVID-19 a chomhrac.

Léigh tuilleadh


Scéim nua seolta chun iarphearsanra den Bhuan-Óglaigh a ath-liostáil

Tá scéim nua seolta ag an Aire atá freagrach as Cosaint, Paul Kehoe TD, chun iarphearsanra liostáilte na mBuan-Óglach a athliostáil, a bhfuil na scileanna agus an saineolas acu atá riachtanach chun folúntais aitheanta a líonadh.

Ceadóidh an scéim ath-liostáil tosaigh ar feadh sé mhí ar a laghad agus suas go dtí 3 bliana.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire Donohoe go scaoilfear €16 milliún d’airgead an Chrannchuir Náisiúnta chun tacú le hiarrachtaí sláinte COVID-19

Bhí an t-airgead coinnithe i gCiste an Chrannchuir Náisiúnta, atá á bhainistiú agus á rialú ag Rialtóir an Chrannchuir Náisiúnta, agus aistreoidh an Rialtóir anois é chuig an Státchiste.

Léigh tuilleadh


Tugann an Taoiseach aitheasc don náisiún

Labhair an Taoiseach, Leo Varadkar, leis an náisiún faoin gcéad chéim eile inár bhfreagra náisiúnta ar phaindéim COVID-19 (Coróinvíreas).

Léigh tuilleadh


An Post chun raon seirbhísí nua a rolladh amach chun cabhrú le linn COVID-19

Tar éis plé idir an rialtas, An Post agus Aontas na nOibrithe Cumarsáide, cuirfidh An Post a lán beart nua i bhfeidhm chun cabhrú le daoine dul i ngleic le COVID-19, go háirithe comhairle an rialtais fanacht taobh istigh de do theach féin agus cruinnithe poiblí a sheachaint.

Léigh tuilleadh


Bearta éigeandála nua chun tionóntaí a chosaint

Cheadaigh an rialtas sraith beart chun cíosaithe a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu a chosaint.

Áirítear leis na bearta sin:

  • gan aon díshealbhú nó aon mhéadú cíosa fad a mhairfidh éigeandáil COVID-19
  • an tréimhse fógra a shíneadh do chíosaithe a bhfuil áit ar cíos acu ar feadh níos lú ná 6 mhí ó 28 lá go 90 lá

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an Rialtas bearta móra airgeadais nua chun cabhrú le daoine dul i ngleic le COVID-19

D’fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Dohohue, bearta chun cabhrú le daoine dul i ngleic le brú airgeadais COVID-19.

Áirítear leis na bearta sin:

  • socruithe solúbtha do chustaiméirí gnó agus pearsanta lena mbainc - lena n-áirítear sosanna íocaíochta 3 mhí nuair is gá (moltar do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh lena mbanc)
  • íocaíochtaí gan tadhall le méadú go €50 ar mhaithe le beartas sláinte poiblí
  • ag cinntiú gur féidir le daoine leanúint ar aghaidh ag teacht ar sheirbhísí baincéireachta

Léigh tuilleadh


Tugann an Taoiseach aitheasc don náisiún

Labhair an Taoiseach, Leo Varadkar, leis an náisiún faoin gcaoi a bhfuil Éire ag freagairt do COVID-19 (Coróinvíreas) agus faoin gcaoi a bhfuil an rialtas ag ullmhú do dhúshláin sa todhchaí.

Léigh tuilleadh


Ceadaíonn an Rialtas reachtaíocht chun tacú le freagairt náisiúnta ar COVID-19

Tá dlíthe nua rite ag an rialtas chun íocaíochtaí nua leasa a cheadú chomh maith le cumhachtaí speisialta atá riachtanach chun sláinte an phobail a chosaint.

Léigh tuilleadh


Plean Gníomhaíochta Náisiúnta ceadaithe mar fhreagairt ar COVID-19 (Coróinvíreas)

Cheadaigh an Coiste Comh-Aireachta ar COVID-19 Plean Gníomhaíochta Náisiúnta mar fhreagairt ar COVID-19 (Coróinvíreas).

Léigh tuilleadh


Faisnéis do ghnólachtaí

Ciste Fiontar Cothaitheach d’Fhiontair Bheaga seolta

Mar chuid den Chiste Fiontar Cothaitheach a d’fhógair an rialtas le déanaí, d’fhógair Fiontraíocht Éireann go riarfaidh sé Ciste Fiontar Cothaitheach d’Fhiontair Bheaga.

Cuirfidh an ciste seo infheistíocht airgid ghearrthéarmach idir €25k agus €50k ar fáil do chuideachtaí beaga incháilithe chun tacú le leanúnachas gnó agus chun a gcumas filleadh ar fhás a neartú.

Léigh tuilleadh


Osclaíonn an tAire iarratais maidir le Scéim Miondíola Ar Líne €2 mhilliún COVID-19

D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD go bhfuil iarratais ar oscailt maidir le Scéim Miondíola Ar Líne €2 mhilliún COVID-19 de chuid Fiontraíocht Éireann chun tacú le cuideachtaí miondíola a gcumas digiteach a fheabhsú.

Tá an ciste oscailte do mhiondíoltóirí dúchasacha a bhfuil stór fisiceach acu agus a fhostaíonn 10 duine nó níos mó chun tairiscint ar líne níos iomaíche a fhorbairt mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire leathnú mór ar thacaíochtaí gnó do SMEanna

D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, leathnú mór tacaíochtaí do gach gnólacht a bhfuil tionchar ag COVID-19 air. Is fiú €1 billiún anois an pacáiste i mbearta leachtachta lena n-áirítear Ciste Fiontar Cothaitheach nua €180 milliún do ghnólachtaí sna hearnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí idirnáisiúnta.

Tá meantóireacht saor in aisce agus oiliúint ar líne ar fáil do gach SME.

Léigh tuilleadh


Foilsíonn NSAI treoir COVID-19 don earnáil mhiondíola

D’fhoilsigh an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) ‘Treoir um Chosaint agus Fheabhsú Miondíola’ chun cabhrú le miondíoltóirí leanúnachas gnó a bhainistiú le linn éigeandáil COVID-19.

Léigh tuilleadh


Leathanach gréasáin rialtais nua ar fáil chun tairiscintí de chúnamh COVID-19 a fháil

Sheol an Oifig um Sholáthar Rialtais leathanach gréasáin le déanaí chun tairiscintí cúnaimh ó ghnólachtaí agus eagraíochtaí eile atá ag iarraidh soláthairtí nó seirbhísí a sholáthar mar thaca leis an bhfreagairt náisiúnta ar COVID-19.

Léigh tuilleadh


Caighdeáin le haghaidh soláthairtí leighis curtha ar fáil gan srian

Mar fhreagairt ar éigeandáil COVID-19, shocraigh na heagraíochtaí seo a leanas go léir sraith caighdeán Eorpach, Meiriceánach agus Idirnáisiúnta a chur ar fáil gan srian le húsáid mar fhreagairt ar COVID-19:

  • An Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN)
  • An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENELEC)
  • An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO)
  • Cumann um Chur Chun Cinn Ionstraimíochta Leighis (AAMI)

Léigh tuilleadh


Ceadaíonn an AE ciste €200 milliún chun tacú le gnó na hÉireann

Cheadaigh an Coimisiún Eorpach scéim €200 milliún na hÉireann, de réir rialacha Státchabhrach an AE, chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do chuideachtaí Éireannacha a ndeachaigh ráig COVID-19 i bhfeidhm orthu.

Léigh tuilleadh


Foilsíonn NSAI treoir do ghnólachtaí

D’fhoilsigh Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) ‘Treoir um Chosaint agus Feabhsú san Áit Oibre’ ina leagtar amach na mbeart coisctheach is féidir le gnólachtaí a dhéanamh chun leathadh COVID-19 a chosc.

Item was unpublished or removed


Anois is féidir le gnólachtaí soláthairtí agus seirbhísí a dheonú chun COVID-19 a chomhrac

Ó tháinig COVID-19 go hÉirinn, tá gnólachtaí ag dul i dteagmháil le comhlachtaí rialtais chun earraí agus seirbhísí a sholáthar nó a dheonú. Tá bunachar sonraí lárnach de na tairiscintí seo cruthaithe againn thar ceann na seirbhíse poiblí iomláine, FSS san áireamh.

Féadfaidh do ghnó soláthairtí nó seirbhísí a dheonú anseo.


Téann Dearbhán Leanúnachais Gnó nua beo trí Oifigí Fiontair Áitiúla

Tá Dearbhán Leanúnachais Gnó nua ar fáil anois i dtrí Oifig Fiontair Áitiúil.

Tá sé oscailte do thrádálaithe aonair agus do chuideachtaí ar fud gach earnáil ghnó a fhostaíonn suas le 50 duine.

Léigh tuilleadh


Moratóir sé mhí ar ús agus aisíocaíochtaí ar iasacht nua de chuid Mhicreamhaoiniúchán Éireann COVID-19

D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, go n-áiríonn an iasacht nua de chuid Mhicreamhaoiniúchán Éireann COVID-19 rogha do mhoratóir ar ús agus aisíocaíochtaí don chéad sé mhí.

Léigh tuilleadh


Tacaíocht do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu trí iarchur rátaí tráchtála

Shocraigh an rialtas leis na húdaráis áitiúla gur cheart dóibh aontú íocaíochtaí rátaí atá dlite ó na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar orthu a chur siar - go príomha sna hearnálacha miondíola, fáilteachais, fóillíochta agus cúram leanaí, ar feadh trí mhí, go dtí deireadh mhí na Bealtaine.

Cuirfidh gach údarás áitiúil an beart seo i bhfeidhm ina limistéar féin.

Léigh tuilleadh


Bearta Rialtais maidir le gnó agus fiontar

Tá roinnt tionscnamh curtha i bhfeidhm ag an rialtas chun tacú le gnó agus fiontar le linn na géarchéime COVID-19 (Coróinvíreas).

Tugann siad seo aghaidh ar thacaíochtaí airgeadais fadtéarmacha agus gearrthéarmacha, bearta maolaithe cánach, bearta baincéireachta agus creidmheasa agus tacaíochtaí d'fhostaithe.

Item was unpublished or removed


Faisnéis d’fhostóirí

Tá roinnt tacaíochtaí ioncaim ar fáil ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí do d’fhostaithe le linn neamhláithreachta nó asleagan sealadach ón a bhaineann le COVID-19 (Coróinvíreas).

Item was unpublished or removed


Treoir d’oibrithe sa slabhra soláthair foilsithe

Ullmhaíodh doiciméad treorach d’oibrithe sa slabhra soláthair maidir le COVID-19.

Baineann an treoir seo le tarlóirí, foireann mhuirí, píolótaí agus aerchriú, foireann talún, foireann calafoirt, foireann cothabhála, foireann innealtóireachta agus gach duine eile a bhfuil baint acu le bonneagar criticiúil a chothabháil agus a dheisiú chun ligean d’oibríochtaí lastais isteach agus amach as Éirinn leanúint ar aghaidh.

COVID-19 Guidance for supply chain workers
This guidance applies to those involved in the maintenance and repair of critical infrastructure to allow freight operations in and out of Ireland to continue.
Amharc amharc

Tacaíochtaí Rialtais do ghnó

Tá dúshláin airgeadais dhiana á gcruthú ag COVID-19 (Coróinvíreas) do ghnólachtaí.

Tá faisnéis faoi thacaíochtaí rialtais do ghnólachtaí a bhfuil drochthionchar ag COVID-19 orthu ar fáil ón An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Ráiteas ag fógairt tacaíochtaí do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu.

D'fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, go bhfuil cinneadh déanta ag Cláraitheoir na gCuideachtaí go measfar go bhfuil gach tuairisceán bliantúil atá le comhdú ag aon chuideachta anois agus suas go dtí an 30 Meitheamh 2020 comhdaithe in am má dhéantar gach gné den tuairisceán bliantúil a chomhlánú agus a chomhdú faoin dáta sin.


Faisnéis do sholáthraithe cúram leanaí

Tá faisnéis do sholáthraithe cúram leanaí ar fáil ón An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Ráiteas faoi bhearta don Earnáil Cúraim Leanaí le linn COVID-19

Tar éis chruinniú an 10 Aibreán idir an Taoiseach, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus an tAire Airgeadais, aontaíodh bealach chun bearta atá leagtha amach cheana féin don Earnáil Cúraim Leanaí a thabhairt isteach.

Léigh tuilleadh


Faisnéis ar bheartaíocht an phobail

Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i gceannas ar iarracht an rialtais beartaíocht an phobail maidir le COVID-19 a spreagadh agus a éascú.

Tá Plean Gníomhaíochta forbartha ag an roinn chun tacú leis an obair seo.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta trí bheart príomhthábhachtacha a mbeidh béim ar dtús orthu i ndáil le beartaíocht an phobail i leith COVID-19.

Bhunaigh gach údarás áitiúil (comhairle) Fóram Freagartha Pobail chun tacaíochtaí pobail a bhaineann le COVID-19 a chomhordú. Mar chuid de seo, tá líne chabhrach bunaithe ag gach údarás áitiúil ar féidir le daoine leochaileacha glaoch uirthi má tá siad ag lorg seirbhísí bunúsacha mar sheachadadh bia nó béilí, nó iompar le haghaidh turais riachtanacha.

Tá liosta d’uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist gach údaráis áitiúil ar fáil anseo.

ALONE, Líne Chabhrach Náisiúnta: 0818 222 024

Tá ALONE, an carthanas náisiúnta do dhaoine scothaosta, i gcomhpháirtíocht le gach Fóram Freagartha Pobail COVID-19. Más gá duit labhairt le duine nó má tá tacaíocht mhothúchánach á lorg agat, is féidir leat glaoch ar ALONE ar 0818 222 024 nó is féidir do ghlao a threorú ó do líne chabhrach d’Fhóram Freagartha Pobail COVID-19 áitiúil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le ALONE freisin má tá deacrachtaí agat le sláinte choirp agus meabhairshláinte, airgeadas, tithíocht, uaigneas agus dúshláin eile.

Léigh tuilleadh

Glao an Phobail - Comhairle agus Eolas Teagmhála do do Chontae
Comhairle agus Eolas Teagmhála do do Chontae
Amharc amharc

Seolann an Rialtas tionscnamh chun glaoch ar dhaoine scothaosta chun folláine a sheiceáil le linn na géarchéime COVID-19

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring TD, tionscnamh nua glaonna teileafóin chun tacú le rannpháirtithe na Scéime Rabhadh do Sheanóirí.

Ligfidh an tionscnamh do dhaoine scothaosta glao gutháin rialta a fháil chun a bhfolláine agus a riachtanais a sheiceáil le linn na héigeandála COVID-19.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire ciste €2.5 milliún do ghrúpaí pobail a bhfuil baint acu le Glao an Phobail

Sheol Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, ciste €2.5 milliún chun tacú le grúpaí pobail agus deonacha a bhfuil baint acu le hiarrachtaí freagartha pobail COVID-19 a sheachadadh.

Léigh tuilleadh


Faisnéis d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do thionscal an bhia

Tacaíochtaí COVID-19 tugtha isteach ag Bord Bia

Tá sraith seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla tugtha isteach ag Bord Bia do thionscal bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann, atá deartha chun cabhrú le táirgeoirí agus gnólachtaí dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu agus tacaíocht phraiticiúil a sholáthar le linn tosca atá ag athrú go tapa.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire Creed solúbthacht maidir le scéimeanna DAFM

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, roinnt solúbthacht do scéimeanna arna reáchtáil ag an roinn mar fhreagairt ar shaincheisteanna COVID-19.

Tá na solúbthachtaí seo á dtabhairt isteach chun é a dhéanamh níos éasca d’fheirmeoirí agus a ngníomhairí leanúint de bheith rannpháirteach sna scéimeanna seo i gcás ina dtagann deacrachtaí chun cinn de bharr na srianta reatha sláinte poiblí.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn Minster Creed líne chabhrach faisnéise nua COVID-19 d’fheirmeoirí

Cuideoidh an líne chabhrach le feirmeoirí lena gcuid fiosruithe maidir le srianta reatha COVID-19.

Is í uimhir theileafóin na líne cabhrach faisnéise 076 1064468 agus beidh sí ar oscailt ó 9.30am go 12.30pm agus ó 2pm go 5pm Luan go hAoine.

Léigh tuilleadh


Bearta mar fhreagairt ar COVID-19

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag cur plean leanúnachais gnó i bhfeidhm mar chuid den fhreagra tras-rialtais ar COVID-19.

Tá an roinn fós ar oscailt agus tá sí ag tabhairt tús áite do sholáthar seirbhísí riachtanacha d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do thionscal an bhia.

Léigh tuilleadh


Faisnéis faoi earnáil an cheartais

Fógraíonn Airí tuilleadh tacaíochtaí COVID-19 d’áitritheoirí Soláthar Díreach

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charlie Flanagan TD, agus a chomhghleacaí, an tAire Stáit atá freagrach as Inimirce, Comhtháthú agus Comhionannas, David Stanton TD, bearta breise inniu chun cónaitheoirí Soláthar Díreach a chosaint agus tacú leo le linn na géarchéime COVID-19.

Léigh tuilleadh


Fógraíodh méadú suntasach ar chóiríocht Soláthar Díreach

Tá níos mó ná 650 leaba nua daingnithe chun tacú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta le linn na géarchéime COVID-19.

Léigh tuilleadh


Bearta mar fhreagairt ar COVID-19

Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag obair go dlúth leis na gníomhaireachtaí ábhartha ceartais choiriúil agus sláinte poiblí, lena n-áirítear An Garda Síochána, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Seirbhís na gCúirteanna, an Roinn Sláinte agus FSS, chun bearta a ghlacadh atá ar aon dul le beartas poiblí agus leis an gcás atá ag teacht chun cinn.

Léigh tuilleadh


Faisnéis do scoileanna, réamhscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal

Gabhann an tAire Mary Mitchell O'Connor buíochas leis an earnáil oideachais threasach as socruithe malartacha scrúduithe a chur i bhfeidhm

D’fhógair an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor nach mbeidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais ag déanamh measúnuithe i scríbhinn, ó bhéal nó praiticiúla in ionaid scrúdaithe le linn na héigeandála COVID-19.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire go bhfuil an tsamhail leithdháilte nua do Chúntóirí Riachtanas Speisialta á cur siar

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD go bhfuil an tsamhail leithdháilte nua bhí beartaithe do Chúntóirí Riachtanas Speisialta curtha siar ar feadh bliana.

Tá sé beartaithe anois go gcuirfear an tsamhail thúsualaithe do bhunscoileanna agus d'iarbhunscoileanna i bhfeidhm do Mheán Fómhair 2021.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire pleananna teagmhasacha le haghaidh socruithe sealadacha sannacháin d’fhoireann na hearnála oideachais agus oiliúna

Tá próiseas tiomnaithe curtha ar bun ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie chun CRSanna a chur ar fuireachas chun oibrithe túslíne a shaoradh le haghaidh seirbhísí riachtanacha.

Tá an t-aistriú seo mar chuid de scéim sannta sealadaí níos leithne atá ag oscailte d’fhostaithe na hearnála poiblí.

Léigh tuilleadh


Deimhníonn an Rialtas maoiniú leanúnach don Chlár Béilí Scoile

D'eisigh an rialtas treoir nuashonraithe do scoileanna chun cabhrú leo an Clár Béilí Scoile a chur i bhfeidhm le linn shrianta COVID-19.

Cinnteoidh sé seo go bhfaighidh na mílte duine óg is mó a dteastaíonn sé uathu bia cothaitheach.

Léigh tuilleadh


Fanfaidh scoileanna, ollscoileanna agus áiseanna cúram leanaí dúnta go dtí an 19 Aibreán 2020

Fanfaidh gach scoil, réamhscoil agus suíomh breisoideachais agus ardoideachais dúnta do dhaltaí go dtí an 19 Aibreán 2020.

Léigh tuilleadh


Fógraíonn an tAire McHugh, cealú na dtrialalcha praiticiúla agus béaltrialacha feidhmíochta an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe Mc Hugh TD go gcuirfear ar ceal béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta na scrúdaithe stáit a bhí le bheith ar siúl idir Dé Luain an 23 Márta go dtí Dé hAoine an 3 Aibreáin 2020.

Bronnfar marcanna iomlána don chuid seo de na scrúdaithe ar na daltaí a bhí leis na scrúdaithe seo a dhéanamh.

Léigh tuilleadh


Dúnadh scoileanna, ollscoileanna agus áiseanna cúram leanaí

Tá gach scoil, ollscoil agus saoráid cúram leanaí dúnta go dtí an 29 Márta.

Iarrtar ar gach dalta agus mac léinn, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, fadú fisiceach a chleachtadh, agus teagmháil fhisiceach lena chéile a íoslaghdú, chun leathadh COVID-19 a sheachaint.

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh:

  • teagmháil shóisialta a íoslaghdú
  • teacht le chéile a sheachaint
  • spás fisiceach a choinneáil eatarthu

Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí tacú lena leanaí an cur chuige seo a chothabháil.

Léigh tuilleadh


Faisnéis faoin earnáil iompair

Tugann an tAire breac-chuntas ar a thábhachtaí atá sé gach gné den slabhra soláthair a chothabháil

Ghabh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, buíochas le gach duine atá ag obair sa líonra iompair ag cinntiú go seachadtar earraí riachtanacha go hÉirinn.

Bhí an tAire ag labhairt tar éis cruinnithe den Choiste Comh-Aireachta inar thug sé breac-chuntas ar an obair leanúnach atá ar siúl sa slabhra soláthair iompair.

Léigh tuilleadh


NCT ar ceal go dtí go bhfógrófar a mhalairt

Dheimhnigh an tAire Shane Ross agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) go bhfuil na seirbhísí seo a leanas ar fionraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt:

  • An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS)
  • An tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (NCT)
  • Córas Tástála Feithiclí Tráchtála

Déantar é seo d'fhonn na srianta poiblí nua a d’fhógair an rialtas Dé hAoine 27 Márta a chomhlíonadh.

Léigh tuilleadh


Bearta iompair mar fhreagairt ar COVID-19

Tá na bearta a bhaineann le hiompar atá i bhfeidhm faoi láthair mar fhreagairt ar COVID-19 leagtha amach thíos.

Ós rud é gur cás é seo atá ag athrú go tapa, déanfar an leathanach seo a nuashonrú de réir mar is gá.

Léigh tuilleadh