Creat Mheasúnú Feidhmíochta an Chórais Sláinte (HSPA)
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
- Cén fáth ar chinn Éire HSPA a bhunú?
- Conas ar eagraíodh agus ar cuireadh tionscadal HSPA i gcrích?
- Cén córas, creat agus próisis a bunaíodh?
- Tionchar beartais agus na chéad chéimeanna eile
- Sheol an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tArdán Ardán Léirshamhlaithe Measúnú Feidhmíochta Córas Sláinte (HSPA)
Cén fáth ar chinn Éire HSPA a bhunú?
Tá daonra na hÉireann ag fás ach ag an am céanna tá an daonra sin ag dul in aois agus as seo go ceann 20 bliain, meastar go méadóidh an líon daoine atá 85 bliain d’aois agus níos sine thart ar 6,000 gach bliain, rud a chruthóidh dúshláin i dtéarmaí rochtain ar agus acmhainn an chórais sláinte.
Mar aitheantas ar na ceanglais a bhaineann leis an gcóras sláinte a athrú chun freagairt ar bhealach níos fearr do riachtanais an daonra agus níos mó béime a leagan ar chosc agus ar chúram príomhúil, seoladh clár athchóirithe 10 mbliana Sláintecare in 2017.
Is é atá mar aidhm le Sláintecare éifeachtacht, inrochtaineacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht fhioscach an chórais sláinte a fheabhsú. Comhpháirt thábhachtach den chlár ba ea próiseas mheasúnú feidhmíochta an chórais sláinte (HSPA) a bhunú chun éachtaí a thomhas, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a thuairisciú i gcomparáid le cuspóirí Sláintecare agus timthriallta cinnteoireachta.
Is aitheantas é seo ar an gcóras reatha, atá bunaithe ar tháscairí gníomhaíochtbhunaithe, riachtanais bogadh i dtreo samhail intomhaiste agus inchainníochtaithe bunaithe ar thorthaí atá leabaithe go domhain sa timthriall déanta beartas a dhéanfaidh monatóireacht éifeachtach ar an earnáil sláinte lena n-áirítear beartais agus bearta athchóirithe. Éascóidh sé seo fianaise níos fearr a chur ar fáil le haghaidh cinntí eolasacha maidir le beartas sláinte.
Conas ar eagraíodh agus ar cuireadh tionscadal HSPA i gcrích?
Bhí Seirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach Choimisiún na hEorpa ag tacú leis an tionscadal, agus sholáthair an tSeirbhís seo maoiniú le haghaidh fhorbairt Chéim a 1 a seoladh ar an 10 Meán Fómhair. Roghnaíodh Ollscoil Amstardam mar sholáthraithe seirbhíse. Bunaíodh struchtúir rialachais chun dlús a chur leis an tionscadal agus áiríodh ina measc:
1) príomhfhoireann bheag tionscadail faoi threoir na Roinne Sláinte agus Ollscoil Amstardam;
2) Meitheal an Tionscadail a bhí faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte lena n-áirítear príomhoifigigh idir-rannacha, pearsanra FSS agus páirtithe leasmhara seachtracha lena n-áirítear an Bord Taighde Sláinte;
3) Bord Stiúrtha ar a raibh Bainisteoirí Sinsearacha ón Roinn Sláinte agus FSS; agus
4) Bord Comhairleach Idirnáisiúnta a raibh saineolaithe HSPA ó thíortha difriúla Eorpacha páirteach ann. Lena chois sin, bhí an Roinn i mbun teagmhála rialta le Grúpa Saineolaithe an AE maidir le HSPA chun gníomhaíochtaí a ailíniú le heispéiris idirnáisiúnta.
Bhí ceithre phríomhchéim i gceist i gCéim a 1 den tionscadal a ritheadh idir Meán Fómhair 2019 agus Márta 2021.Áiríodh an méid seo a leanas sna ceithre chéim:
(1) Fócas chreat HSPA na hÉireann a fhorbairt. Cuimsíodh sa chéim seo sraith de chruinnithe tosaigh a raibh sé mar aidhm leo plean oibre mionsonraithe a fhorbairt agus scóip chreat HSPA a shonrú. Cuimsíodh ann freisin athbhreithnithe ar phróisis HSPA sa litríocht, i gcreataí tíortha eile agus i mbeartais agus doiciméid straitéiseacha ábhartha Éireannacha.
(2) Fearainn (agus fofhearainn) Chreat HSPA a shainaithint. Cuimsíodh sa chéim seo sraith ceardlann agus rannpháirtíochtaí a thionól le saoránaigh, páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun plé a dhéanamh ar an méid ba cheart a bheadh sa HSPA. Comhthreomhar leis seo, reáchtáladh measúnú ar an gcóras faisnéise sláinte in Éirinn chun foinsí sonraí a shainaithint agus a scrúdú.
(3) Táscairí a chruthú don chreat. Forbraíodh réamh-mhapa táscairí bunaithe ar na táscairí atá á dtuairisciú in Éirinn faoi láthair, bainte as an léirbhreithniú ar an litríocht, nó luaite i rith na bpainéal páirtithe leasmhara. Rinneadh an liosta a chomhdhlúthú agus a athbhreithniú de réir an fhearainn trí shraith ceardlann, inar pléadh intomhaisteacht agus ábharthacht (de réir chuspóir na húsáide).
(4) Creat deiridh HSPA. Comhdhlúthaíodh ábhair i gcreat ina raibh fearainn agus fofhearainn shainithe, treoir mhodheolaíoch maidir le táscairí sainaitheanta, plean gníomhaíochta le haghaidh cur chun cinn agus bréagiarratas.
Cén córas, creat agus próisis a bunaíodh?
Sainíodh trí phríomhchuspóir i ndáil le forbairt an Chreata:
• feidhmíocht a thomhas ar an gcóras seachadta (seirbhísí sláinte agus sóisialta)
• faisnéis (cuntasacht) a sholáthar don phobal maidir le héifeachtacht beartas agus straitéisí na Roinne Sláinte agus FSS maidir le sláinte an daonra trí chéile
• monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil le hathchóiriú Sláintecare chun meastóireacht a dhéanamh ar réimsí tosaíochta an athchóirithe agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil an córas cúraim sláinte níos freagrúla do riachtanais an phobail
Tá an creat atá á chur i láthair eagraithe i gcúig bhraisle agus 16 fhearann:
• torthaí (stádas sláinte)
• aschuir (rochtain, duinelárnacht, caighdeán, costais)
• próisis (comhordú cúraim, comhtháthú seirbhísí, leanúnachas cúraim)
• struchtúir (airgeadas, foireann oibre sláinte, struchtúir seirbhísí sláinte, teicneolaíochtaí sláinte, braisle leathan faisnéis sláinte (athléimneacht, cothromas, éifeachtúlacht)
• Tá gach fearann roinnte ina fhofhearann agus gnéithe gaolmhara, a bhfuil 260 táscaire luaite leo le haghaidh gach trí chuspóir sa chreat.
Bhí pas táscairí le gach táscaire a áirítear ann foinse bhunaidh an táscaire, úsáidí príomha agus malartacha an táscaire, agus an fhoinse ionchasach sonraí (e.g, suirbhéanna, sonraí riaracháin, sonraí cliniciúla, clárlanna sibhialta, clárlanna sainghalair, córas tuairiscithe teagmhas). I gcásanna áirithe, beidh sé riachtanach tuilleadh forbairt a dhéanamh ar tháscaire sonraí nó foinse sonraí oiriúnach amach anseo.
Tionchar beartais agus na chéad chéimeanna eile
Reáchtáladh an t-imeacht fíorúil ar an 10 Meán Fómhair agus cuireadh i láthair an Creat nuafhorbartha agus pléadh cur chun feidhme an Chreata sa chóras sláinte. Páirteach anseo bhí an Roinn, FSS, Ollscoil Amstardam, Coimisiún an AE agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I láthair na huaire tá obair ar bun idir an Roinn agus páirtithe leasmhara ábhartha chun pleananna a dhéanamh chun tús a chur le Céim a 2 den tionscadal a áirítear ann cur chun feidhme ar fud an chórais sláinte.
Chabhraigh tábhacht agus tionchar sonraí iontaofa a bheith ar fáil go héasca le cinntí a dhéanamh i rith phaindéim COVID-19. Is deis ar leith é forbairt chreat HSPA tacú le neartú agus athléimneacht leantach chóras sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann agus is gné thábhachtach a bheidh ann chun tionchar na mbeartas ar an gcóras sláinte a chumasú agus ar thomhas torthaí othar agus beidh sé mar bhonn le forbairt a dhéanfar amach anseo.
Is féidir féachaint ar an imeacht fíorúil a reáchtáladh ar an 10 Meán Fómhair ag an nasc seo a leanas:
Mar atá thuasluaite, cuireadh críoch le céim a 1 den tionscadal ag tús mhí Mhárta agus chuir na soláthraithe seirbhíse, Ollscoil Amstardam, na táirgí insoláthartha seo a leanas ar fáil:
1. Tuarascáil deiridh
D2: Tuarascáil mhodheolaíochta
Comhad Forlíontach 1a: Forléargas ar Chreat HSPA
Comhad Forlíontach 1b: Pasanna Táscaire
D3: Modúil mheasúnaithe (ar fáil ar iarratas)
Modúil mheasúnaithe le haghaidh beartas agus athchóirithe sonracha.
D4: Plean Gníomhaíochta An Chéad Tuarascáil HSPA (ar fáil ar iarratas)
Plean gníomhaíochta don chéad tuarascáil HSPA.
D5: Tuarascáil maidir leis an gCeardlann (ar fáil ar iarratas)
Tuairisciú maidir le torthaí na ceardlainne idirnáisiúnta ar chreataí torthaí sláinte.
D6: Creat HSPA le sonraí áirithe (ar fáil ar iarratas)
Creat HSPA bunaithe ar tháscairí samplacha.
Má tá aon cheist agat maidir le creat HSPA, déan teagmháil leis an Aonad Bainistíochta Feidhmíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig: PMU@health.gov.ie
Sheol an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tArdán Ardán Léirshamhlaithe Measúnú Feidhmíochta Córas Sláinte (HSPA)
Sheol an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tArdán Ardán Léirshamhlaithe Measúnú Feidhmíochta Córas Sláinte (HSPA) ar an Luan 19ú Meitheamh 2023 agus is uirlis monatóireachta sonraí
sláinte amhairc nua ar líne é. Is comhpháirt thábhachtach é an tArdán HSPA den Chreat-thionscadal HSPA iomlán a chuideoidh le lucht ceaptha beartais, soláthraithe cúram sláinte, taighdeoirí, agus othair chun
cuntasacht, cothroime agus éifeachtúlacht an chórais a mheas agus a fheabhsú níos fearr.
Chomh maith le sonraí agus léirshamhlú a sholáthar ar tháscairí an Chreata HSPA, cuimsíonn an t-ardán roinnt feidhmeanna chun tuiscint agus comparáid sonraí a fheabhsú lena n-áirítear feidhm íoslódála sonraí
agus naisc leis an mbunfhoinse sonraí.
Chun rochtain a fháil ar Ardán léirshamhlaithe an HSPA – www.hspa.gov.ie
Má tá aon cheist agat maidir le hArdán Léirshamhlaithe HSPA nó leis an gcreat, le do thoil déan teagmháil le HSPA@health.gov.ie