Daonáireamh Básmhaireachta na Saoráidí Cúraim Chónaithe Fadtéarmaigh: 1 Eanáir - 19 Aibreán 2020
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an Dr Kathleen MacLellan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte agus Cathaoirleach Fhoghrúpa Daoine Soghonta NPHET an Daonáireamh Básmhaireachta seo ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fadtéarmaigh i láthair ag cruinniú faisnéise don Roinn Sláinte ar an 29 Aibreán 2020.
Dúirt an Dr MacLellan:
"Tá Éire fós ar cheann den bheagán tíortha ar fud an domhain a bhailigh agus a thuairiscigh go hoifigiúil sonraí ó shuíomhanna cúraim chónaithe fadtéarmacha ó thús na paindéime.
“Ó dheireadh Mhárta chonaiceamar méadú ar bhásanna san earnáil seo ar féidir a chur i leith COVID-19.
“De réir mar a leanaimid orainn ag bailiú agus ag tuairisciú sonraí básmhaireachta a thagann ón earnáil seo beidh tuiscint níos fearr againn ar iompar an ghalair sa suíomh seo agus cuideoidh sé linn gníomhaíochtaí sláinte poiblí agus cúram cliniciúil a threorú."