Ráiteas Straitéise na Roinne Sláinte 2025-2028
- Foilsithe: 10 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025
Sa Ráiteas Straitéise seo leagtar amach an treo d’obair na Roinne Sláinte idir 2025 agus 2028. Aithníodh cúig thosaíocht straitéiseacha chun ár gcuid oibre a stiúradh agus chun cur ar ár gcumas ár spriocanna a bhaint amach.
Roghnaíodh na tosaíochtaí seo mar fhreagra ar riachtanais cúraim sláinte, folláine, agus shóisialta mhuintir na hÉireann, agus i gcomhthéacs athruithe suntasacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, éilimh agus déimeagrafaic.
Léiríonn an doiciméad seo ár bhfís maidir le hÉirinn níos sláintiúla, le sláinte agus folláine fheabhsaithe do chách, agus an cúram ceart á sholáthar san áit cheart, ag an am ceart.
Lorgaíodh agus fuarthas ionchur ó ghníomhaireachtaí faoinár gcoimirce agus ó Ranna Rialtais eile, chomh maith le hionchur inmheánach trí chomhairliúchán ar fud na Roinne Sláinte.
Treoróidh an Ráiteas Straitéise seo obair na roinne trí chúig thosaíocht fhoriomlána:
- Sláinte an phobail a chur chun cinn agus a chosaint
- Cúram níos gaire don bhaile
- Rochtain ar chúram Sláinte a a dhéanamh níos cothroime & níos tapúla
- Rialachas agus comhpháirtíochtaí a neartú
- Dul i mbun forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna amach anseo