English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Freagairt na hÉireann do Covid-19 (Coróinvíreas)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025


Cad is Covid-19 (Coróinvíreas) ann?

Is é is coróinvíris ann ná fine mhór víreas a scaiptear i measc ainmhithe, lena n-áirítear camaill, cait agus ialtóga. Is féidir iad a leathadh ó ainmhithe go daoine.

Bíonn coróinvíris ina gcúis le tinneas i measc daoine, idir shlaghdán agus ghalair riospráide (scamhóige) níos troime amhail Siondróm Riospráide an Mheánoirthir (MERS) agus Géarshiondróm Trom Riospráide (SARS).

Sainaithníodh na chéad chásanna den víreas nua i ndaoine a bhí ag obair i margadh bia mara agus ainmhithe beo in Wuhan, an tSín.

Meastar gur ó ainmhithe ag an margadh a thóg daoine an víreas.


Cad a tharlóidh in Éirinn má thagann cás deimhnithe chun cinn?

Deimhníodh an chéad chás de Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn an 29 Feabhra.

Tugadh fógra don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí faoin gcás.

Coimeádfar an t-othar ar leithlis.

Ar aon dul lenár bPrótacal um Shrianadh, déanfar imscrúdú iomlán ar dhaoine eile a bhféadfadh go raibh teagmháil acu leis an othar sin. Tugtar rianú teagmhála air sin.

Déanfar bearta cuí a bhfuil mar aidhm leo tuilleadh leata a chosc (bearta um shrianadh).

Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.

Coimeádfar an t-othar ar leithlis.

Ar aon dul lenár bPrótacal um Shrianadh, déanfar imscrúdú iomlán ar dhaoine eile a bhféadfadh go raibh teagmháil acu leis an othar sin. Tugtar rianú teagmhála air sin.

Déanfar bearta cuí a bhfuil mar aidhm leo tuilleadh leata a chosc (bearta um shrianadh).

Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.

Rianú Teagmhála

I gcás go dtiocfaidh cás deimhnithe chun cinn, labhróidh cliniceoir leis an othar chun mionsonraí a bhailiú faoi na háiteanna ar thug sé/sí cuairt orthu agus faoi na daoine a raibh sé/sí i dteagmháil leo ó d’éirigh sé/sí tinn. Tabharfaidh sé sin léargas mionsonraithe ar na daoine ar gá dúinn teagmháil a dhéanamh leo, amhail baill teaghlaigh, comhghleacaithe agus taistealaithe eile.

Déanfar teagmháil leis an liosta daoine sin chun treoir agus comhairle a thabhairt dóibh maidir leis na nithe ba cheart dóibh a dhéanamh i gcás go dtiocfaidh siomptóim orthu.

I gcás go dtiocfaidh siomptóim ar aon duine ar an liosta teagmhála, déanfaimid an duine sin a leithlisiú agus a thástáil agus, i gcás go ndeimhneofar an cás, tabharfaimid cóireáil don duine.

Is é atá i gceist le dlúth-theagmháil ná teagmháil aghaidh ar aghaidh le duine ionfhabhtaithe nó níos mó ná 15 nóiméad a chaitheamh laistigh de dhá mhéadar ó dhuine ionfhabhtaithe. Ní dhéanaimid teagmháil le daoine a bhféadfadh gur shiúil siad thar dhuine ionfhabhtaithe ar an tsráid nó i siopa. Is an-íseal atá an baol teagmhála i gcásanna den sórt sin.


Freagairt na hÉireann

Tá ardphleananna i bhfeidhm ag Éirinn mar chuid dá socruithe cuimsitheacha ullmhachta le haghaidh dul i ngleic le héigeandálaí sláinte poiblí amhail Covid-19 (Coróinvíreas). A bhuí leis na pleananna sin, d’éirigh linn freagairt do theagmhais roimhe seo amhail fliú paindéimeach, géarshiondróm trom riospráide (SARS) agus siondróm riospráide an Mheánoirthir (MERS).

I gcéim an tsrianta, dírítear ar na cásanna uile, is cuma cé chomh héadrom agus atá siad.

I gcéim an mhaolaithe, dírítear ar chásanna a bhfuil na siomptóim is troime i gceist leo.

An Straitéis um Shrianadh: Ciallaíonn sé sin gurb amhlaidh, beag beann ar a throime atá an cás, go bhfuilimid ag díriú go hiomlán ar chásanna agus na teagmhálacha lena mbaineann a shainaithint go luath ar mhaithe le tuilleadh tarchuir (leathadh tánaisteach) a chosc.

An Straitéis um Maolú: Tá Éire réidh le céim eile a thionscnamh, más gá. Tugtar Céim an Mhaolaithe ar an gcéim sin. Cuirfear Céim an Mhaolaithe i ngníomh i gcás nach mbeidh srianadh éifeachtach a thuilleadh maidir le leathadh Covid-19 (Coróinvíreas) a rialú. Sa chéim sin, díreoimid ar na cásanna is tinne a shainaithint.

Tá na straitéisí sin ag teacht le straitéisí domhanda, atá faoi stiúir ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Agus í faoi chathaoirleacht ag Tony Holohan, an Príomhoifigeach Míochaine, tagann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile gach seachtain chun measúnú a dhéanamh ar na sonraí idirnáisiúnta, chun treoir a fháil maidir leis an ráig agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach na hÉireann ar aon dul le comhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Tá an Rannóg Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Ionad Faireachais FSS um Chosaint Sláinte ag déanamh faireachán ar staid Covid-19 (Coróinvíreas) ó thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte fógra faoin víreas amach.

Tá an Grúpa um Ghalair Thógálacha lena ngabhann Mór-Iarmhairtí a Phleanáil agus a Chomhordú in FSS ag déanamh scrúdú géar ar an staid sin ó go luath i mí Eanáir agus chuir sé pleananna mionsonraithe i bhfeidhm agus d’eisigh sé treoir agus faisnéis maidir le hullmhacht ar fud na seirbhíse sláinte.

Cuireadh Sainghrúpa Comhairleach ar bun go luath i mí Feabhra. Tá an grúpa faoi chathaoirleacht ag Cillian De Gascun, Stiúrthóir Saotharlainne ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, agus tabharfaidh sé comhairle don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, do FSS agus do dhaoine eile ar bhonn leanúnach.

Leanfaidh Éire le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí domhanda a bhaineann leis an víreas nua agus freagróidh sí dóibh dá réir.