English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Frithsheasmhacht in Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Feabhra 2023
  • An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2023

Cógais iad frithmhiocróbaigh, cosúil le hantaibheathaigh a úsáidtear le hionfhabhtuithe i measc daoine, ainmhithe, plandaí, agus barr a chosc agus a chóireáil. Drugaí an-áisiúla iad na cógais seo agus tugann siad saol daoine slán. Cabhraíonn cógais fhrithmhiocróbacha le daoine maireachtáil níos faide. Cabhraíonn siad chomh maith le daoine a chosaint ó ionfhabhtuithe nuair a bhíonn máinliacht á déanamh orthu, nuair a bhíonn leanbh á thabhairt ar an saol acu agus nuair a bhíonn cóir leighis á cur orthu i leith galar, ailse san áireamh.

Cad í Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach?

Nuair a stopann cógas frithmhiocróbach, a d’oibrigh roimhe seo chun ionfhabhtú nó galar ba chúis le miocrorgánach a chóireáil, ag oibriú nó nuair nach n-oibríonn sé a fheabhas a d’oibrigh sé roimhe seo, tugtar frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (FFM) air seo. Ciallaíonn FFM go mbíonn níos lú roghanna cóireála ar fáil. Déanann seo na hionfhabhtuithe is coitianta níos deacra lena gcóireáil. Mura féidir ionfhabhtuithe a chóireáil, téann an baol go scaipfear galair, i leith breoiteacht throm agus báis i méid.

Oibríonn an Roinn Sláinte i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le beartas náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le FFM trí úsáid a bhaint as cur chuige Sláinte Amháin (One Health) a aithníonn go bhfuil sláinte agus folláine daoine ceangailte le sláinte agus folláine leas ainmhithe, na bithéagsúlachta, agus an chomhshaoil. Tá eolas breise ar FFM agus ar Phlean Gníomhaíochta FFM reatha na hÉireann ar fáil ar an gcomhleathanach FFM ag Item was unpublished or removed