An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascáil agus Plean Cur Chun Feidhme an Ghrúpa Oibre Idir-Rannaigh maidir le Costas na nÉileamh a bhaineann leis an tSláinte atá ag Méadú
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Fuair Stephen Donnelly, an tAire Sláinte, ceadú ón rialtas an 9 Iúil 2024 chun Tuarascáil an Ghrúpa Oibre Idir-Rannaigh maidir le Costas na nÉileamh a bhaineann leis an tSláinteatá ag Méadú a fhoilsiú agus chun grúpa a bhunú chun cur chun feidhme a mholtaí a chur chun cinn.
Bhí an tOllamh Rhona Mahony ina cathaoirleach ar an nGrúpa agus bhí comhaltaí ó ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ábhartha air. Bhí a chéad chruinniú ag an nGrúpa i mí an Mhárta 2023 agus tháinig sé le chéile 14 huaire ina dhiaidh sin.
Tuarascáil an Ghrúpa, dhá thuarascáil choimhdeacha, ‘Eispéiris ghearánaí ar an timpeallacht dlí-liachta in Éirinn (UCC)’ agus ‘Anailís chomparáideach ar éilimh faillí chliniciúil i raon dlínsí (HRB)’, na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid an Ghrúpa, agus miontuairiscí na gcruinnithe a reáchtáladh agus preaseisiúint, tá siad ar fáil ag na naisc thíos.
Ullmhaíodh agus foilsíodh Plean Cur Chun Feidhme freisin chun a chinntiú go ndéantar dul chun cinn maidir leis na moltaí atá sa Tuarascáil a chur chun feidhme.
Leanfaidh an Grúpa Cur Chun Feidhme dá chuid oibre chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn ar na moltaí, go ndéanfar faireachán ar an dul chun cinn i gcoinne na ngníomhaíochtaí agus na n-amlínte a leagtar amach sa phlean, agus go dtuairisceoidh sé ar an dul chun cinn, i gcomhréir lena Théarmaí Tagartha.
Tá an Plean Cur Chun Feidhme ar fáil thíos.