Grúpa Tagartha Painéal Saineolaithe Tithe Altranais
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuspóir
I ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, bhunaigh an tAire Sláinte Foireann Mhaoirseachta Feidhmithe idirghníomhaireachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh sa tuarascáil. Chomh maith leis sin, bunaíodh Grúpa Tagartha chun plé agus rannpháirtíocht thosaigh agus spriocdhírithe sa phróiseas cur chun feidhme le príomhpháirtithe leasmhara/saineolaithe náisiúnta a éascú.
Soláthróidh an Grúpa Tagartha aiseolas, faisnéis agus tuairimí maidir le nithe curtha faoina bhráid ag an bhFoireann Mhaoirseachta Feidhmithe i gcomhthéacs chur chun feidhme thuarascáil an Phainéil. Is é cuspóir an Ghrúpa Tagartha meicníocht rannpháirtíochta a sholáthar do pháirtithe leasmhara chun plé a dhéanamh ar cheisteanna sonracha a bhaineann go díreach le cur chun feidhme mholtaí an Phainéil Saineolaithe agus próiseas struchtúrtha a bhunú do phlé agus d’aiseolas ón bhFoireann Mhaoirseachta Feidhmithe.
Tá an Grúpa Tagartha ag feidhmiú faoi chathaoirleacht an Ollaimh Cecily Kelleher, comhalta ex officio den Fhoireann Mhaoirseachta Feidhmithe.