English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

#HereforLife: Lá Idirnáisiúnta na nAltraí 2022 á Cheiliúradh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2022

Mar chuid den cheiliúradh ar #LáIdirnáisiúntananAltraí (#InternationalNursesDay) Déardaoin, an 12 Bealtaine, iarrann an Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte ar altraí a ról a thabhairt chun solais trí fhíseán nó grianghraf a roinnt ar a gcuntas meán sóisialta tríd an haischlib #HereforLife a úsáid.

Tá an feachtas meán sóisialta #HereforLife ar siúl inniu ar fud na hÉireann agus an RA le ceiliúradh a dhéanamh ar na gairmeacha altranais agus cnáimhseachais. Bunaithe ar an gCreat Cumasaithe Gairmiúlachta nua, a seoladh ar Lá Idirnáisiúnta na gCnáimhseach an tseachtain seo caite, tá a saineolas agus a ngairmiúlacht á roinnt ag foireann altranais agus cnáimhseachais trí fhíseáin nó grianghraif sna meáin shóisialta.

Ní thuigeann go leor daoine na róil ilghnéitheacha chliniciúla a bhíonn ag altraí i gcúram othar agus is mian linn buíochas a chur in iúl dóibh as ucht a dtiomantais agus ceiliúradh a dhéanamh ar ról an altra Déardaoin na seachtaine seo.

Iarrtar ar altraí teachtaireacht an-ghearr físeáin a thaifeadadh agus a gcéadainm agus a ról altranais a lua agus #HereforLife a iontráil i dtéacs na postála.