An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
I dTreo Timpeallacht Saor ó Shrian i dTithe Altranais
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Is bunluachanna iad comhionannas, cothroime, meas, dínit, uathriail agus rannpháirtíocht atá mar bhonn agus taca le cearta an duine. I suíomhanna cúraim chónaithe do dhaoine scothaosta éilímid go ndéantar cearta an duine a ionchorprú go dearfach i réaltacht shaol daoine.
In 2009 ceadaíodh na Caighdeáin Náisiúnta Cáilíochta do Shocruithe Cúraim Chónaithe do Dhaoine Scothaosta. Ag croílár na gcaighdeán seo, agus na rialachán atá mar bhonn leo, tá an creideamh gur tithe daoine iad na suíomhanna cónaithe seo, agus caithfear gach iarracht is féidir a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir leis na cónaitheoirí a saol a chaitheamh chomh fada agus is féidir agus taitneamh a bhaint as a gcuid ama ansin.