Léirithe Spéise: Ceapachán ar Bhord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léirithe Spéise: Ceapachán ar Bhord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas

Tá an tAire Sláinte agus an tAire Airgeadais ag fáiltiú roimh léirithe spéise ó liachleachtóirí cuícháilithe agus le taithí ar spéis leo a bheith ceaptha ina gcomhaltaí de Bhord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas. An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais

Déanann an Bord cinneadh maidir le hachomhairc a dhéanann iarratasóirí faoi Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas (Lámhaltais Chánach), ar dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Teastas Míochaine Príomhúla a thabhairt dóibh. Soláthraíonn Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas & na bPaisinéirí faoi Mhíchumas faoiseamh ó Cháin Cláraithe Feithicle agus CBL ar cheannach agus úsáid carr oiriúnaithe, mar aon le díolúine ó mhótarcháin agus deontas breosla bhliantúil.

Is san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí an Bord lonnaithe ó 2000, de bhrí gur ansin atá an suíomh cliniciúil oiriúnach.

Tá an Fhoirm Iarratais agus an Leabhrán Eolais le fáil ag an nasc atá i gceangal leis seo.

Application form for appointment to the Disabled Drivers Medical Board of Appeal
Amharc amharc
Information booklet for appointment to the Disabled Drivers Medical Board of Appeal
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat