Ráiteas Comhpháirteach ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Dlí agus Cirt ar Bhearta Nua Forfheidhmithe
- Foilsithe: 24 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ó thosaigh an phaindéim seo, tá raon beart sláinte poiblí tugtha isteach ag an Rialtas chun daoine a choinneáil slán agus chun scaipeadh COVID-19 a laghdú.
Lean formhór mór mhuintir na hÉireann an treoir agus an chomhairle. Ar an drochuair, tá cohórt beag daoine ann atá ag déanamh neamhaird den chomhairle, ag déanamh neamhaird den treoir, agus ag cur iad féin agus daoine eile i mbaol.
Is féidir lena gcuid gníomhaíochtaí a bheith contúirteach ó thaobh COVID-19 de, agus féadfaidh siad a bpobail a chur i mbaol.
Ba é an t-aon chumhacht forfheidhmithe a bhí ar fáil roimhe seo nuair a sháraigh daoine rialacháin faoi Acht Sláinte 1947 ná ‘Foráil Phionósach’. Faoi fhoráil phionósach, ba é an pionós uasta fíneáil suas le €2,500 agus/nó 6 mhí sa phríosún, ar dhuine a chiontú sa chúirt ag breitheamh.
Chinn an Rialtas go raibh gá le córas smachtbhannaí níos solúbtha agus níos comhréire i leith cionta agus sáruithe ar na rialacháin.
Is sa chomhthéacs sin a d'aontaigh an Chomh-Aireachta an 20 Deireadh Fómhair, an córas smachtbhannaí a athbhreithniú, a bheachtú agus a nuashonrú trí fhoráil a dhéanamh d’fhógraí pionóis shocraithe agus do chóras pionóis chisealaithe chomh maith le cumhachtaí breise a thabhairt do na Gardaí déileáil le hócáid i dteagmhais phríobháideacha.
Shínigh an tUachtarán reachtaíocht chun é sin a dhéanamh, An Bille Sláinte (Leasú) 2020, lenar leasaíodh an tAcht Sláinte 1947, ina dhlí an 25 Deireadh Fómhair, 2020.
Cheadaigh sé seo cúig chatagóir forfheidhmithe, mar a leanas:
1. Neamhphionósach - Baineann siad seo le bearta a áirítear sna rialacháin nach gceadaítear, ach nach ngearrtar aon phionós orthu.
2. Pionós - Má dhéantar duine a ionchúiseamh sa chúirt mar gheall ar chion, braitheann na fíneálacha uasta nó an phianbhreith príosúin a chinneann an breitheamh, faoin gcóras nua pionóis chisealaithe, ar cibé an é seo an chéad, an dara nó an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin.
3. Foráil Ábhartha - Leis seo beidh deis ann teagmhais cheadúnaithe a dhúnadh don lá, nó níos faide i gcás cionta breise.
4. Forálacha pionóis shocraithe - Maidir le cionta áirithe, tá rogha ag an nGarda fógra íocaíochta socraithe a thabhairt do dhuine. Féadfaidh an duine an fógra íocaíochta socraithe a íoc laistigh de 28 lá chun ionchúiseamh a sheachaint. Ciallaíonn neamhíocaíocht laistigh den tréimhse shonraithe gur féidir an duine a ionchúiseamh.
5. Forálacha maidir le hócáid teaghaise - Tá cumhachtaí breise ag Gardaí treoir a thabhairt do dhaoine atá i gcomharsanacht teaghaise í a fhágáil má tá amhras réasúnach acu go bhfuil ócáid ar siúl a sháraíonn rialacháin. Féadfaidh Gardaí a ordú don áititheoir a cheangal agus a chur faoi deara do gach duine ag ócáid den sórt sin, seachas cónaitheoirí an teagmhais, imeacht agus féadfaidh siad a cheangal ar an áititheoir a ainm nó a hainm a sholáthar.
Níl aon chumhachtaí ag gardaí dul isteach i dteagmhas faoi na forálacha seo ach is féidir leo freastal ar an bpríomhbhealach isteach. Aon duine nach gcomhlíonann treoir ón nGarda Síochána i ndáil le hócáid a sháraíonn foráil maidir le hócáid teaghaise, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó iad araon.
D'oibrigh an Roinn Sláinte i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt chun rialacháin a dhréachtú faoin reachtaíocht nua seo. Chuathas i gcomhairle le hAirí ábhartha lena n-áirítear an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an tAire Iompair, an tAire Airgeadais, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis na rialacháin sular shínigh an tAire Sláinte ina ndlíthe iad trí Ionstraim Reachtúil.
Cuirfidh an Garda Síochána forghníomhú ar na bearta seo i bhfeidhm anois. Anois go bhfuil foclaíocht na Rialachán tugtha chun críche, is féidir na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na córais ábhartha sa tseachtain amach romhainn le go mbeidh deis ag an gcóras pionóis shocraithe freastal ar na cionta breise seo.
Beidh na rialacháin seo i bhfeidhm ar feadh ré phaindéim COVID-19, agus leasófar iad de réir mar is gá ag brath ar an leibhéal sa chreat Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 atá i bhfeidhm fud na tíre/ar bhonn réigiúnach.
Leanfaidh an Garda Síochána ag úsáid na 4 E (engage, educate, encourage, enforcement) - rannpháirtíocht, oideachas agus spreagadh, le forfheidhmiú mar rogha dheiridh.
Cionta
Foráil | Foráil maidir le Fógra Pionóis Shocraithe | Foráil Phionósach? (Pionóis Chisealaithe) | Foráil maidir le hÓcáid Teaghaise? | Foráil Ábhartha? |
Ócáid a eagrú lasmuigh de theagmhas príobháideach a sháraíonn na Rialacháin | €500 | Tá | Níl | Níl |
Ócáid a eagrú i dteagmhas príobháideach a sháraíonn rialacháin | €500 | Tá | Tá | Níl |
Freastal ar ócáid i dteagmhas príobháideach a sháraíonn rialacháin | €150 | Tá | Tá | Níl |
Rialacháin taistil a shárú | €100 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí | €80 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh in asraonta miondíola áirithe* | €80 | Tá | Níl | Níl |
Gan clúdach aghaidhe a chaitheamh i bhFeithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí (SPSVanna) | €80 | Tá | Níl | Níl |
Daoine atá ag obair i róil atá os comhair an chustaiméara in áitribh arb é an príomhghníomhaíocht ná bia nó deochanna a dhíol lena n-ithe nó lena n-ól san áitreabh agus gan cumhdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu | €80 | Tá | Níl | Níl |
- I measc na n-áitreabh ina gcaithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh tá:
1. Ionaid siopadóireachta
2. Leabharlanna
3. Pictiúrlanna agus coimpléisc phictiúrlainne
4. Amharclanna
5. Hallaí ceolchoirme
6. Hallaí biongó
7. Músaeim
8. Stáisiúin Bhus
9. Stáisiúin Iarnróid
10. Oifigí poist
11. Comhair chreidmheasa
12. Bainc
Comparáidí Idirnáisiúnta (bailí amhail an 9 Deireadh Fómhair)
Stát Victoria, an Astráil
I measc na bpionós a bhaineann le cumhachtaí éigeandála tá:
- D’fhéadfaí fíneáil $4,957 a ghearradh mar thoradh ar dhiúltú nó mainneachtain cloí le treoracha féin-aonraithe do dhaoine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 agus ar a ndlúth-theagmhálacha.
- Má dhiúltaítear nó mura gcomhlíontar treoir a thugtar faoi na Cumhachtaí Éigeandála agus na Cumhachtaí Sláinte Poiblí, gan leithscéal réasúnach, d’fhéadfaí fíneáil suas le $1,652 a ghearradh ar dhaoine aonair agus $9,913 ar ghnóthlachtaí.
- Mura gcomhlíontar na rialacha maidir le cumhdaigh aghaidhe d’fhéadfaí fíneáil $200 a ghearradh.
- Má fhaigheann tú fíneáil, féadfaidh tú roghnú comhairle dlí a lorg. D’fhéadfadh go mbeadh cosaint agat má bhí cúis réasúnach ann nach raibh tú in ann an treoir a leanúint.
An Ísiltír
- Maidir le daoine 13-17 mbliana d’aois, agus iad lasmuigh le 3 dhuine nó níos mó gan achar a choinneáil óna chéile i gcuideachta cairde aosta/níos sine, is ionann an fhíneáil agus €95; do dhaoine faoi 18 agus os a chionn is ionann an fhíneáil agus €390 (eisceachtaí do dhaoine faoi 13 nó do dhaoine 13-17 mbliana d’aois le daoine ar comhaois).
- Gearrtar fíneáil €95 mura gcaitear aghaidhmhasc i limistéar ainmnithe (tar éis coibhéis Ollanach na céimeanna réasúnacha a glacadh).
- Eisceachtaí do dhaoine i róil atá teagmháil-bhunaithe (mar shampla gruagairí, suathairí gus teagascóirí tiomána), lúthchleasaithe (spóirt laistigh agus lasmuigh), aisteoirí agus rinceoirí.
Sasana
- Ceadaíonn rialacháin d’údaráis áitiúla teagmhas a dhúnadh, iontráil a shrianadh, srian a chur ar dhaoine sa teagmhas, imeachtaí nó cineálacha imeachtaí a thoirmeasc, áiteanna lasmuigh a dhúnadh nó rochtain orthu a shrianadh.
- Féadfaidh oifigeach ainmnithe údaráis áitiúil nó oifigeach póilíní nó PCSO é a fhorfheidhmiú.
- Fógraí Íocaíochta Socraithe £100 as an gcéad chion (laghdaithe go £50 má íoctar iad laistigh de 14 lá), ag dúbailt ar chionta breise suas go huasmhéid £3,200.
- Is féidir fíneáil £200 a ghearradh ar dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine as an gcéad chion, arna ísliú go £100 má íoctar iad laistigh de 14 lá; £400 don dara cion, agus ansin dúbailt i gcás gach ciona eile suas go huasmhéid £6,400.
An Bhreatain Bheag
- Is féidir fíneáil a ghearradh ar dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine - ag ardú ó £60 go £120 go £1,920 as an séú cion.
- Is cion coiriúil freisin é ócáid cheoil neamhcheadúnaithe le hos cionn 30 duine a eagrú. Is ócáidí iad seo nach bhfuil ceadúnaithe nó údaraithe ar bhealach eile faoin Acht um Cheadúnú 2003. Beidh sárú an toirmisc seo ina chion inphionóis le ciontú agus le fíneáil neamhtheoranta nó, mar mhalairt ar chiontú, le pionós socraithe atá socraithe ag £10,000.
Albain
- Cruinniú sóisialta i dteach príobháideach ina bhfuil 16 duine nó níos mó i láthair ó níos mó ná teaghlach amháin, agus ní chun críocha sonracha ceadaithe mar obair, tá sé de chumhacht ag na póilíní dul isteach sa mhaoin sin, má dhiúltaigh na daoine d’iarraidh stop a chur leis an gcruinniú.
- Má chreideann siad gur bhris duine na rialacha seo agus go bhfuil siad 18 mbliana d’aois nó níos sine - nó má dhiúltaíonn siad treoracha a leanúint - féadfaidh oifigeach póilíní fógra pionóis shocraithe £60 a eisiúint (laghdaithe go £30 má íoctar é laistigh de 28 lá); má tá fógra pionóis shocraithe faighte ag duine cheana féin, méadóidh an méid go £120 agus dúblóidh sé ar gach athchion breise go dtí uasmhéid de £960.
Tuaisceart Éireann
- Tá an tAire Dlí agus Cirt ag déanamh athbhreithnithe ar na pionóis. D’fhágfadh na pleananna go mbeadh fíneálacha TÉ inchomparáide le dlínsí eile cosúil le Sasana, áit a bhfuil an fógra pionóis shocraithe íosta £200.
- Faoi láthair, tá fíneálacha i dTuaisceart Éireann idir £60 agus £960 d'athchiontóirí. Is féidir fíneáil £1,000 a ghearradh ar dhaoine i dTuaisceart Éireann freisin mura bhfuil siad ag féin-aonrú - i Sasana, d'fhéadfadh an fhíneáil a bheith chomh hard le £10,000.
- Tá cumhdaigh aghaidhe éigeantach ar iompar poiblí agus ar chustaiméirí i siopaí, ach is dóigh go bhféachfaidh airí leis an mbeart do chomhaltaí foirne i siopaí agus in ionaid oibre eile a leathnú.
- Táthar ag súil freisin go ndéanfaidh siad iniúchadh ar an bhféidearthacht srianta áitiúla níos doichte a leathnú chuig limistéar Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.
An Danmhairg
- Is ionann na fíneálacha as sáruithe ar shrianta ar chruinnithe i dtithe/gairdíní príobháideacha agus as níos mó ná 50 duine a bhailiú le chéile agus gan an t-ordú póilíneachta a chomhlíonadh agus DKK 2,500 i leith cionta céaduaire, níos airde i leith athcionta.
- Is ionann na fíneálacha as gnó a oscailt nuair nach gceadaítear é agus DKK 10,000 de ghnáth suas go DKK 30,000 i gcás sáruithe a déantar in athuair; is ionann na fíneálacha as neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha oibríochta agus DKK 3,000 suas go DKK9,000 i leith sáruithe a déantar in athuair. Braitheann an fhíneáil, áfach, ar mhéid na cuideachta.
- Socraítear an fhíneáil as ordú scrúdú a fháil, a bheith glactha isteach san ospidéal, aonrú nó cóireáil a fháil mar gheall ar ionfhabhtú nó ionfhabhtú amhrasta COVID-19 a shárú ag DKK 3,500.
- Is féidir seirbhís a dhiúltú do chustaiméir nach gcaithfidh clúdach aghaidhe; fíneáil DKK 2,500 don chustaiméir sin mura bhfágann siad nuair a iarrtar sin orthu; fíneálacha méadaithe as athchionta; na fíneálacha céanna má dhiúltaítear iarratas iompar poiblí a fhágáil toisc nach bhfuil clúdach aghaidhe a chaitheamh le fíneálacha méadaithe as athchionta.
- Fíneálacha ó DKK 3,000 go DKK9,000 bhfuil comharthaíocht leordóthánach ar ghnólachtaí maidir le cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh (i bhfad níos mó le haghaidh oibríochtaí níos mó); an rud céanna do chuideachtaí iompair.
Iosrael
- Socraítear fíneálacha do dhaoine aonair a bhriseann rialacha cuirfiú/dianghlasála ag NIS 500 ($145) agus ag NIS 5,000 ($1,450) do ghnólachtaí.
An Nua-Shéalainn
- Fíneálacha as gan cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí (fíneálacha ar an láthair $300 nó suas le $1000 má fhorchuirtear iad trí na cúirteanna).