English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí ar Lipéadú Bianna Réamhphacáilte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 17 Nollaig 2021

Rinne An Roinn Sláinte i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann Comhairliúchán Poiblí ar Lipéadú Cothaithe ar Éadan Pacáiste, Próifílí Cothaitheacha, Lipéadú Bunúis agus Marcáil Dátaí i Ráithe 1, 2021. Bhí an comhairliúchán poiblí ag iarraidh tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha a bhailiú roimh an moladh go ndéanfar athruithe ar na rialacha reatha maidir le lipéadú táirgí bia réamhphacáilte faoi Rialachán (AE) 1169/2011, ar a dtugtar an Rialachán um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC). Déanann an tuarascáil fhoilsithe achoimre ar na haighneachtaí a rinneadh chuig an gcomhairliúchán poiblí.

Mar chuid de ‘Straitéis Feirme go Forc’ an AE, a bhfuil sé mar aidhm aici córas bia a chruthú atá cóir, sláintiúil, agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, molfaidh Coimisiún na hEorpa athbhreithniú ar rialacha lipéadaithe laistigh de Rialachán FIC chun tacú níos fearr le tomhaltóirí roghanna níos eolasaí a dhéanamh chun leasa a sláinte agus an chomhshaoil.

Tá na haighneachtaí don chomhairliúchán seo ag cabhrú chun forbairt seasamh násiúnta a threorú ar cad ba cheart a bheith sna hathruithe ar lipéadú bia. Leanfar den chomhairliúchán le geallsealbhóirí i 2022, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon.

Report on the Public Consultation on Labelling of Pre-packed Foods
Amharc amharc