English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Faireachais an Aon Sláinte Amháin ar Úsáid Ábhar Frithmhiocróbach agus ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Eanáir 2019
  • An t-eolas is déanaí: 14 Meitheamh 2019

Is ionann ábhair fhrithmhiocróbacha agus cógais, ar antaibheathaigh iad den chuid is mó, a úsáidtear chun ionfhabhtuithe baictéaracha agus galair bhaictéaracha a chóireáil i measc daoine agus ainmhithe. Tagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach chun cinn i gcás nach bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha chomh héifeachtach is a bhíodh. Is fadhb phráinneach mhéadaitheach ar fud an domhain í frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, go háirithe mar thoradh ar an ró-úsáid a bhaintear as ábhair fhrithmhiocróbacha.

Tá cur chuige an Aon Sláinte Amháin ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil fite fuaite ina chéile. Ní mór d’earnáil shláinte an duine, don earnáil talmhaíochta agus don earnáil comhshaoil obair le chéile, mar sin.

Is é atá i dTuarascáil Faireachais an Aon Sláinte Amháin ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach ná an chéad tuarascáil trasearnála ó Éirinn ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i measc daoine agus ainmhithe.

Léigh Tuarascáil Faireachais an Aon Sláinte Amháin ar Úsáid Ábhar Frithmhiocróbach agus ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach anseo.

One Health Report on Antimicrobial Use Antimicrobial Resistance
Amharc amharc