An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascáil nuashonraithe eatramhach ar Phlean Gníomhaíochta Cás Lae Othar Cónaithe 2018
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhoilsigh an Roinn Sláinte, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) sonraí faoi Phlean Gníomhaíochta Cás Othar Cónaitheach / Lae (IPDC) 2018 an 12 Aibreán.
D’fhoilsigh an NTPF, inniu, (17 Lúnasa 2018) an Nuashonrú Eatramhach ar dhul chun cinn i gcoinne na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean seo.
Le bliain anuas, tá laghdú 9,955 tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag fanacht le nós imeachta Othar Cónaithe nó Cás Lae ó bhuaic ag deireadh mhí Iúil 2017 go 76,156 ag deireadh mhí Iúil 2018. Tá an laghdú seo le feiceáil go soiléir sa líon atá ag fanacht níos mó ná 9 mí, a tháinig laghdú 7,715 sa tréimhse chéanna.