Ainmniúchán An tUasal Paul O’Faherty mar Chathaoirleach Ainmnithe VHI

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ainmniúchán An tUasal Paul O’Faherty mar Chathaoirleach Ainmnithe VHI

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

I ndiaidh feachtas fógraíochta a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP), tá An tUasal Paul O’Faherty ainmnithe ag an Aire Sláinte, Simon Harris TD, mar Chathaoirleach Ainmnithe VHI.

De réir gnáthchleachtais a bhaineann le ceapacháin bheartaithe ar Bhoird Stáit, cuirfidh an tAire in iúl do Chathaoirleach an Chomhchoiste Sláinte go bhfuil sé beartaithe aige An tUasal O’Faherty a cheapadh mar Chathaoirleach. Is faoin gCoiste (nuair a bhunaítear é) atá sé cuireadh a thabhairt don Chathaoirleach ainmnithe eolas a roinnt leis agus ina dhiaidh sin a thuairimí maidir leis an gceapachán atá beartaithe a chur ar fáil don Aire lena mbreithiú, sula ndéanann an tAire an ceapachán foirmiúil.

Is achtúire é Paul O’Faherty agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar roinnt cuideachtaí i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na hinfheistíochta, Vhi san áireamh ó 2014. Go dtí 2013, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Mercer Ireland agus ina Chathaoirleach ar chuideachtaí Marsh McLennan in Éirinn. I gcaitheamh a thréimhse mar shainchomhairleoir in Mercer, chuir sé comhairle ar an Roinn Sláinte ar feadh na mblianta fada maidir le saincheisteanna árachais sláinte. Is Comhalta de Chumann na hAchtúirí in Éirinn é agus bhí sé ina Uachtarán air. Chomh maith leis sin, is iar-Chathaoirleach é ar Chumann Cistí Pinsean na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat