Ceapachán Cathaoirleach ar Bhord Ospidéal Beaumont:

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán Cathaoirleach ar Bhord Ospidéal Beaumont:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 2 Márta 2023

Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá Pauline Philip ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., mar Chathaoirleach Bhord Ospidéal Beaumont le héifeacht ón 14ú Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 19ú Meitheamh 2023.

Pauline Philip

Is as Baile Átha Cliath do Pauline Philip ó dhúchas agus anois roinneann sí a cuid ama idir Londain agus Éire. Is í an Stiúrthóir Náisiúnta um Chúram Éigeandála agus Roghnach sa NHS (Sasana). Agus cúlra altranais agus eolaíochta aici, bhí roinnt post POF ag Pauline ar fud na n-earnálacha cúram sláinte go léir agus poist shinsearacha eile sa Roinn Sláinte. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Shábháilteacht Othar san EDS ó 2002 go 2010…agus faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Lifebox, carthanas idirnáisiúnta atá dírithe ar mháinliacht shábháilte. Is Ball Oinigh í de Chumann Ainéistéisithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus fuair sí DBE as seirbhísí don NHS i 2017.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat