Ceapachán ar Bhord Shláinte Leanaí Éireann:
- Foilsithe: 3 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2026
Tar éis ainmniúcháin ó bhord Children’s Health Ireland, cheap an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, an tOllamh Alfred Nicholson ar Bhord Children’s Health Ireland le héifeacht ón 22 Eanáir 2026 go dtí an 3 Nollaig 2027.
An tOllamh Alfred Nicholson
Cháiligh an tOllamh Alf Nicholson i mBaile Átha Cliath agus fuair sé oiliúint sa phéidiatraic i mBaile Átha Cliath, i Manchain, agus in Royal Children’s Hospital i Melbourne. Ar fhilleadh dó ar Éirinn, bhí róil mar shainchomhairleoir aige i Muileann gCearr agus i nDroichead Átha sular ceapadh é ina Ollamh Péidiatraice ag an RCSI agus ina Cheann Roinne in 2008. Áirítear ar na róil cheannaireachta náisiúnta agus idirnáisiúnta suntasacha a bhí aige a bheith ina chomhalta feidhmiúcháin den European Academy of Paediatrics, ina Cheannaire Cliniciúil Náisiúnta don Phéidiatraic agus don Néonataolaíocht, agus ina leas-dhéan ar chláir oiliúna speisialtóra sa Phéidiatraic.
Ina ról roimhe seo mar Cheannaire Cliniciúil Náisiúnta, d’aithin an tOllamh Nicholson tábhacht Children’s Health Ireland agus an gá atá le líonra láidir cúraim phéidiatraigh, le béim ar mhúnlaí seirbhíse speisialtóra, ar chúram neamhsceidealaithe, ar chúram leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu, agus ar an dúshlán suntasach a bhaineann le cúram ógánach a fheabhsú. Le linn na tréimhse sin, d’fhorbair sé samhail náisiúnta cúraim don Phéidiatraic agus don Néonataolaíocht, curaclam náisiúnta fochéime, agus curaclam nua bunaithe ar thorthaí don oiliúint iarchéime sa Phéidiatraic.
Tá breis agus 100 alt piarmheasúnaithe agus roinnt téacsleabhar scríofa aige, lena n-áirítear When Your Child is Sick (ar díoladh breis agus 10,000 cóip de agus a aistríodh go teangacha éagsúla), agus é ina chomhúdar ar Treating Common Problems in Paediatrics: Building Blocks in Paediatrics (2022) agus ar Safe Care in Paediatrics (2024). Tá an leabhar atá le teacht uaidh, Paediatrics at the Bedside, le foilsiú i R4 2026.
Faoi láthair, tá sé ina Cheann Scoile agus ina Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Acadúla ag RCSI Bahrain, áit a bhfuil sé i gceannas ar churaclam nua fochéime a thabhairt isteach. Tá an tOllamh Nicholson pósta le Helen agus tá ceathrar clainne acu atá ina gcónaí i Nua-Eabhrac agus i Londain.