Ceapachán chuig Bord FSS
- Foilsithe: 30 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Eanáir 2026
Tar éis feachtas Post Poiblí, tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD tar éis an tUasal Patrick J Baileya cheapadh le héifeacht ón 20 Samhain 2025 go dtí an 19 Samhain 2028.
An tUasal Patrick J Bailey
Is gairmí rialachais, riosca agus dearbhaithe an-taithí é Patrick a thosaigh a ghairm bheatha ag traenáil mar chuntasóir ag PricewaterhouseCoopers agus a lean ar aghaidh chun róil shinsearacha rialachais agus dearbhaithe a shealbhú i gcomhlachtaí ilnáisiúnta, in institiúidí airgeadais, i gcomhlachtaí poiblí agus i rialtóirí. D’oibrigh Patrick go hidirnáisiúnta le breis agus dhá scór bliain i róil shinsearacha a raibh freagracht mhéadaitheach ag baint leo laistigh de sheirbhísí airgeadais, cógaisíocht, údaráis rialála agus seirbhís phoiblí. Mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus cathaoirleach choiste boird a bhfuil taithí aige, tá taithí fhairsing ag Patrick ar ionchais ar leibhéal an bhoird agus ar riachtanais pháirtithe leasmhara maidir le GRC, straitéis eagraíochtúil, maoirseacht/tuairisciú airgeadais, agus feidhmíocht eagraíochtúil a mheas.