Ceapacháin chuig an gCoiste Comhairleach maidir le Feistí Leighis de chuid an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA).
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2025
- Ms Marie Culliton
- An tOllamh Ronan Cahill
- An tOllamh Alan Fraser
- Ms Lucy Nugent
- An tOllamh Richard Greene
Ar ainmniú ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte, tá an t-Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí den Choiste Comhairleach maidir le Feistí Leighis de chuid an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte le héifeacht ón 9 Aibreán 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Ms Marie Culliton
Is í Marie Culliton Príomh-Eolaí Saotharlainne ag Clár Athchóirithe Seirbhísí an FSS. Tá sí ina ball d'fhoireann bheag a d’fhorbair an straitéis chomhaontaithe chun seirbhísí saotharlainne a fhorbairt ó 2026-35. D’oibrigh Marie ar dtús sa tsaotharlann in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann sular ceapadh í mar Bhainisteoir Saotharlainne san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais.
Bronnadh Comhaltacht Institiúid na hEolaíochta Bithleighis ar Marie i 1980, an MSC sa Bhithcheimic Chliniciúil ó TCD i 1992 agus MBA i mBainistíocht na Seirbhísí Sláinte ó UCD i 2001. Rinne sí an Dioplóma Gairmiúil i Rialáil Ghairmiúil in 2017.
D’fhóin Marie mar Uachtarán ar Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne, ar Chumann Eorpach na nGairmeacha san Eolaíocht Bhithleighis agus ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na hEolaíochta Saotharlainne Bithleighis. Ceapadh í chuig Comhairle CORU in 2011 agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ó 2015-19. Ceapadh í chuig Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord sin idir 2018-22. Tá Marie ceaptha ar an gComhairle Leighis faoi láthair.
An tOllamh Ronan Cahill
An tOllamh Ronan Cahill Ollamh le Máinliacht Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae agus Scoil an Leighis agus na hEolaíochta Leighis, UCD
Bhain an tOllamh Ronan Cahill céim MB, BAO, BCh (Honóracha) amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i 1997 agus ina dhiaidh sin chríochnaigh sé a oiliúint mháinliachta bhunúsach agus speisialaithe in Éirinn, áit a bhfuair sé MD trí thráchtas (Comhalta Taighde Cliniciúil an Bhoird Taighde Sláinte) agus FRCS trí scrúdú. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina chomhalta cliniciúil ag Institiúid IRCAD/EITS i Strasbourg na Fraince ó 2007 go 2008 sular bhog sé go hOspidéil Radcliffe Oxford mar chomhalta sinsearach agus ansin mar chomhairleoir agus mar thaighdeoir cliniciúil sinsearach ó 2008 go 2010. D’fhill Ronan ar Éirinn in 2010 mar mháinlia ginearálta comhairleach (speisialtóireacht i máinliacht cholaireicteach) in Ospidéal Beaumont sular ghlac sé post Ollamh le Máinliacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus in Ospidéal Mater Misericordiae i mí an Mheithimh 2014.
Bronnadh Bonn Bennett agus Bonn Millen air araon (Léachtóir Millen RCSI 2010) agus ba é Léachtóir Robert Smith ASGBI é in 2014. Tá breis is 150 foilseachán piarmheasúnaithe, cúig chaibidil leabhair agus ceithre Threoirlíne Náisiúnta scríofa aige. Is ball de bhord eagarthóireachta cúig iris mháinliachta innéacsaithe é, lena n-áirítear Colorectal Disease agus an European Journal of Surgical Oncology agus is ball de Choiste Taighde SAGES é (faighteoir Ghradam Forbartha Gairme SAGES 2009). Tá spéis mhór acadúil aige i Nuálaíocht Máinliachta agus i dTeicneolaíochtaí Nua agus tá comhpháirtíochtaí taighde gníomhacha aige san eolaíocht bhunúsach, sa chlinic agus i bhforbairt feistí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
An tOllamh Alan Fraser
An tOllamh Alan Fraser Is Ollamh Emeritus Cairdeolaíochta in Ollscoil Caerdydd, an Ríocht Aontaithe, agus Ollamh Cuairte i Roinn na nEolaíochtaí Cardashoithíoch ag KU Leuven sa Bheilg é Alan G Fraser. Ó 2012 i leith, tá sé ag déanamh ionadaíochta ar chliniceoirí ag cruinnithe rialtóirí feistí leighis Eorpacha, arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Bhunaigh sé agus threoraigh sé coistí Gnóthaí Rialála ar dtús don Chumann Cairdeolaíochta Eorpach agus ansin don Chomhghuaillíocht Bithleighis san Eoraip. Bhí sé ina chomhordaitheoir eolaíoch ar thionscadal CORE–MD an AE (Coordinating Research and Evidence for Medical Devices).
Ms Lucy Nugent
Beathaisnéis le leanúint
An tOllamh Richard Greene
Beathaisnéis le leanúint