Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord Sláinte Leanaí Éireann:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

Tar éis feachtas ar poistphoiblí , tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD., mar chomhaltaí de bhord Sláinte Leanaí Éireann.

An tUasal Jim Frawley

Ceapadh Jim Frawley ar an mBord an 6 Márta 2025. Tá an tUasal Frawley ina Chomhalta d’Institiúid Cairte na gCuntasóirí Deimhnithe agus ina Stiúrthóir Cairte le hInstitiúid na Stiúrthóirí Tá taithí ag Jim ar bheith ina bhall de bhoird cuideachtaí móra san earnáil phríobháideach le Amgen agus Viatris. Bhí sé ina bhall freisin de bhord Ospidéal an Rotunda.

Ceaptar Jim Frawley tar éis feachtas post phoiblí le héifeacht ón 6 Márta 2025 go dtí an 3 Nollaig 2027.

An tUasal Joe Quinn

Is ceannaire airgeadais agus comhairleoireachta le taithí é Joe a bhfuil níos mó ná 20 bliain de thaithí ceannaireachta straitéiseach, oibríochta agus seachadta aige ag tacú le seachadadh clár mórscála claochlaithe. Tá taithí fhairsing aige ar fhorbairt agus ar fhorghníomhú straitéise, ar chlaochlú gnó, ar bhainistiú athruithe, ar rialachas corparáideach agus ar bhainistiú riosca. Is Comhalta é Joe d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin a bhfuil taithí aige tar éis dó fónamh ar bhoird Bhus Átha Cliath, OXFAM agus MSF. Tháinig Joe isteach ar bhord CHI ar an6ú Márta 2025.

Ceaptar Joe Quinn tar éis feachtas post phoiblí le héifeacht ón 6 Márta 2025 go dtí an 3 Nollaig 2027.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat