Appointments to the Consultative Council on Hepatitis C. ga

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Appointments to the Consultative Council on Hepatitis C. ga

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Samhain 2019
  • An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2019

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Cathaoirleach Ger Kane Uas. a athcheapadh chuig an gComhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C. Rinne sé na comhaltaí seo a leanas a cheapadh/a athcheapadh chuig an gComhairle freisin. Beidh na ceapacháin sin in éifeacht don tréimhse ón 21 Nollaig 2019 go dtí an 20 Nollaig 2022.

Ger Kane Uas.

Tá Ger ag obair le daoine a bhfuil Heipitíteas C orthu le níos mó ná 20 bliain anuas, ag gníomhú di i róil éagsúla i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear sna róil mar Oifigeach Leasa Pobail, mar Bhainisteoir Cúraim Phríomhúil (Baile Átha Cliath Thiar) agus mar Bhainisteoir um Chuimsiú Sóisialta. Tá sí ina Comhordaitheoir Náisiúnta ar sheirbhísí Heipitíteas C ó bhí an bhliain 2015 ann.

An tUas. Brian O’Mahony

Tá Brian ar an bPríomhfheidhmeannach ar Chumann Haemaifilia na hÉireann. Tá sé ar an Uachtarán ar Chuibhreannas Haemaifilia na hEorpa agus chaith sé 10 mbliana roimhe sin mar Uachtarán ar an gCónaidhm Dhomhanda Haemaifilia. Ar na gníomhaíochtaí a dtugann sé fúthu tá scríbhneoireacht, tathant, cabhrú le hoiliúint i bpleanáil straitéiseach, córais soláthair náisiúnta, agus brústocaireacht. Tá sé ina Chomhalta d’Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis agus d’Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne. Tá cáilíochtaí gairmiúla i sláinte cheirde agus i mbainistíocht aige freisin agus tá post mar Ollamh taca cúnta aige i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Deborah Greene Uas.

Tá Deborah ag obair do Chumann Haemaifilia na hÉireann ó bhí an bhliain 2003 ann. Is í Deborah an Riarthóir reatha. Ghlac sí leis an ról sin i mí na Bealtaine 2009. Maoirsíonn sí reáchtáil laethúil na hoifige, lena n-áirítear an bhainistíocht ócáidí ar fad, an suíomh Gréasáin agus na meáin shóisialta, soláthar foirne, agus tacaíocht agus seirbhísí do bhaill. Tá sí ina heagarthóir ar fhoilseacháin Chumann Haemaifilia na hÉireann freisin. Tá Deborah ina ball d’Fhondúireacht Taighde Haemastáise na hÉireann agus tá baint aici le Clár Cúplála na Cónaidhme Domhanda Haemaifilia freisin.

An tUas. Mark Murphy

Tá Mark ina Phríomhfheidhmeannach ar Chumann Duán na hÉireann le 19 mbliana anuas. Tá sé ag tabhairt cúram d’othair a bhfuil Galar Duán sa Chéim Dhéanach orthu le breis agus 33 bliana anuas freisin. Déanann Mark ionadaíocht don Chónaidhm Eorpach Othar Duáin sa Chomhaontas Eorpach um Shláinte Duán sa Bhruiséil. Bhí sé ina Chomhalta de Chomhairle na Cónaidhme Idirnáisiúnta Fondúireachtaí Duán agus ina Rúnaí don Chónaidhm Eorpach um Spórt Trasphlandaithe agus Scagdhealaithe roimhe seo. D’fhóin sé mar Chomhairleoir leis an gCónaidhm Cluichí Trasphlandaithe Domhanda ar feadh cúig bliana freisin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat