Ceapacháin chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus 4 Bhord Clárúcháin a ndéanann sé maoirsiú orthu.
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2025
- An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
- Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus Síciteiripeoirí
- An Bord Clárúcháin Súil-Liachta
- Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha
- Bord Clárúcháin na gCoslianna
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh/ a athcheapadh mar chomhaltaí den Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh agus de na Boird Chlárúcháin a ndéanann sí maoirseacht orthu.
An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
Michael O’Keeffe
Oibríonn Michael O’Keeffe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) mar Cheann Airgeadais in Eagraíocht Sláinte Pobail – Tuaisceart Chathair agus Tuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá Michael ag obair sa tseirbhís sláinte poiblí i róil éagsúla airgeadais le 19 mbliana anuas agus roimhe sin bhí roinnt post sinsearach airgeadais aige san earnáil phríobháideach. Tá taithí aige ar bhainistíocht airgeadais agus oibríochtúil i earnálacha éagsúla gnó. Tá taithí fhairsing ag Michael i réimsí na pleanála gnó, an chaidrimh le comhpháirtithe gnó, na gcóras airgeadais, an rialachais airgeadais, na bainistíochta athruithe, an samhaltaithe gnó airgeadais, na bainistíochta straitéisí airgeadais agus na monatóireachta agus tuairiscithe ar fheidhmíocht airgeadais. Is Cuntasóir Cairte é agus céim Bhaitsiléara Tráchtála aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus MBA i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Athcheaptar Michael O’Keeffe le héifeacht ón 6 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
John Hennessy
Rugadh John Hennessy in Iarthar Chorcaí, agus tá cónaí air i gCloich na Coillte. Tá beagnach 40 bliain caite aige i mbainistíocht chúram sláinte in Éirinn ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Stiúrthóra Náisiúnta, lena n-áirítear tréimhse cúig bliana mar bhall de Stiúrthóireacht an FSS. Tá céim onóracha i mBainistíocht Sláinte ag John, dioplóma i Rialachas Corparáideach agus tá taithí fhairsing aige i réimse leathan earnálacha cúram sláinte, lena n-áirítear Seirbhísí Leasa Shóisialaigh & Cúram Sóisialta, Ospidéil Ghéarmhíochaine agus Seirbhísí Cúraim Phríomhúil/Pobail.
Athcheaptar John Hennessy le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le héifeacht ón 6 Bealtaine 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
Andrew Conlon-Trant
Tá Andrew Conlan-Trant ina Chathaoirleach ar Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath, agus ocht mbliana caite aige roimhe sin mar Uachtarán ar an gColáiste. Tá sé ina Leas-Uachtarán Forbartha Gnó Idirnáisiúnta Kaplan International freisin, ar cuideachta oideachais agus oiliúna domhanda í. Bhí poist cheannaireachta aige i roinnt gnólachtaí ina ghairmré, agus tá scileanna agus taithí ag Andrew ar cheannaireacht, rialachas, straitéis agus cur i bhfeidhm oibríochtúil, agus fuair sé cuid de na scileanna agus taithí sin san earnáil sláinte agus cúraim shóisialaigh. Tá Baitsiléir Tráchtála agus Ard-Dioplóma san Oideachas aige ó Ollscoil na Gaillimhe, agus Máistreacht sa Bhainistíocht aige ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sé i mbun staidéir faoi láthair le bheith ina Stiúrthóir Cairte le hInstitiúid na Stiúrthóirí.
Ceaptar JAndrew Conlon-Tranttar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 21 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
An Dr Nigel McKelvey
Tá an Dr. Nigel McKelvey ina Cheann Roinne ar Roinn an Luathoideachais agus Staidéir Shóisialta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) Dhún na nGall. Tá cúlra acadúil faoi leith aige lena dugtar an teicneolaíocht agus oideachas le chéile, agus tá céim aige sa Ríomhaireacht agus PhD san Oideachas ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá an Dr. McKelvey tiomanta do chleachtais nuálacha san oideachas a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar uirlisí agus modheolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú chun eispéiris teagaisc agus foghlama a shaibhriú. Lena saineolas idirdhisciplíneach cuirtear bonn faoina cheannaireacht in ATU Dhún na nGall, áit a bhfuil sé chun tosaigh i dtionscnaimh lena dtacaítear le hoideachas luath-óige, cúram sóisialta agus timpeallachtaí cuimsitheacha foghlama. Tá cáil air as a chur chuige comhoibríoch agus oibríonn sé i gcomhar le baill foirne agus le mic léinn chun cultúr acadúil réamhbhreathnaitheach a chothú ina bhfuil glacadh le héagsúlacht agus lena spreagtar smaointeoireacht chriticiúil. Níl a chuid ranníocaíochtaí teoranta don saol acadúil, agus é ag gabháil go gníomhach le beartas oideachais, rialachas ollscoile agus tionscadail forbartha chun caighdeáin oideachais a fheabhsú ar fud na hÉireann. Léiríonn an Dr. Nigel McKelvey tiomantas láidir do dhearbhú cáilíochta agus rialachas cúraim shóisialta a chur chun cinn. Tá saineolas fairsing aige i gcórais oideachais agus cúraim shóisialta, agus bhí ról lárnach aige i gcur chun cinn cleachtais fhianaise-bhunaithe agus creatlacha maoirseachta láidre chun feabhas a chur ar sheachadadh clár in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall. Leagtar béim ina chuid oibre ar thábhacht na cuntasachta, na gcaighdeán eiticiúil, agus an fheabhsúcháin leanúnaigh chun freastal ar riachtanais éagsúla pobail leochaileacha.
Ceaptar an Dr. Nigel McKelvey tar éis ainmniúcháin ón Aire um Bhreisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (FHERIS). Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 9ú Aibreán 2025 go dtí an 20ú Márta 2029.
An Dr Joseph Dowling
Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag Joseph Dowling i dTaighde & Forbairt, go príomha i dtionscal rialáilte. Is é aireagóir ceithre phaitinn a deonaíodh agus údar roinnt páipéar piarmheasúnaithe. Is Comhalta d'Institiúid Ceimice na hÉireann é, is Ball é de Chumann Ríoga na Ceimice (ainmniúcháin Ceimiceora Cairte agus Ceimiceora Eorpaigh) agus de Chumann na dTionscal Ceimiceán (rúnaí reatha an Ghrúpa Uile-Éireann). Tá cónaí ar Joseph i bPort Láirge agus tá sé ar bhord iarnróid oidhreachta. Tá PhD sa Cheimic aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus tá an Clár Bainistíochta Ardleibhéil i Scoil Wharton, Ollscoil Pennsylvania, críochnaithe aige mar aon le cáilíochtaí gnó eile.
Ceaptar an Dr. Joseph Dowling tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 21 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
Ruairí McKiernan
Nuálaí sóisialta a bhuaigh duaiseanna, bunaitheoir carthanachta, síciteiripeoir creidiúnaithe, agus údar mór-ráchairte é Ruairí McKiernan. Bhunaigh sé SpunOut, eagraíocht cheannródaíoch náisiúnta don aos óg, agus is abhcóide measúil é ar son na sláinte meabhrach agus an athraithe shóisialta. Scoláire Fulbright agus iar-cheapachán uachtaránachta ar Chomhairle Stáit, tá sé ina POF ar Chumann Oideachais Forbartha na hÉireann (IDEA) faoi láthair.
Ceaptar Ruairí McKiernan tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 21 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
Jackie Bonfield
Is feidhmeannach cumasach í Jackie Bonfield a bhfuil breis agus 25 bliain de thaithí cheannaireachta aici san earnáil phobail agus chúraim shóisialta, agus chaith sí 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Mid-West Simon Community CLG le déanaí. Ina gairmréime, léirigh sí saineolas i bpleanáil straitéiseach, i mbainistíocht airgeadais, agus i gcomhar le geallsealbhóirí, agus í ag leathnú seirbhísí cúraim shóisialta go rathúil agus ag cur cláir nuálacha i bhfeidhm ar fud Réigiún Forbartha an Iarthair Láir. Chomh maith leis sin, chuir Jackie a cuid scileanna ar fáil ag an leibhéal rialachais, ag fónamh ar bhoird carthanachtaí náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear Pobail Shíomóin na hÉireann agus Comhairle Tithíochta Sóisialta na hÉireann. Tá céim Bhaitsiléara i Staidéar Gnó aici, Céim Iarchéime i mBainistíocht Feidhmiúcháin, agus is Cuntasóir cáilithe í. Tá Jackie i mbun céime dochtúireachta i Riarachán Gnó faoi láthair.
Ceaptar Jackie Bonfield tar éisfeachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 21 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2029.
Lucia Crimin
Is cleachtóir rialála agus státseirbhíseach sinsearach a bhfuil an-taithí aici í Lucia Crimin a bhfuil roinnt rólanna sinsearacha aici i roinnt rialtóirí reachtúla ó 2010 i leith. Áirítear leis seo Cumann Cógaiseoirí na hÉireann, Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus Bord na dTionóntachtaí Cónaithe. Tá BSc (Cógaisíocht) ag Lucia agus bhí sí ag cleachtadh mar chógaiseoir cláraithe in Éirinn ó 2002 go 2010. Tá MBA agus Dioplóma Gairmiúil i Rialachas Corparáideach aici freisin.
Cheaptar Lucia Crimin tar éisfeachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 6 Márta 2025 go dtí an 20 Márta 2027.
Bord Clárúcháin na gComhairleoirí agus Síciteiripeoirí
Martina Ryan
Tá Martina Ryan fostaithe faoi láthair mar bhainisteoir fisiteiripe in ospidéal géarmhíochaine, ag comhlíonadh róil chliniciúla agus riaracháin araon. Tá roinnt blianta taithí aici ag obair sa timpeallacht rialála, agus téarmaí oifige críochnaithe aici ar dhá bhord clárúcháin CORU ar leithligh. Tá cáilíochtaí iarchéime i mbainistíocht agus i gceannaireacht na seirbhíse sláinte araon tar éis tacú lena cuid aistear pearsanta agus gairmiúla tríd an gcóras cúram sláinte, lena n-áirítear a róil rialála i CORU.
Ceaptar Martina Ryan tar éisfeachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 25ú Feabhra 2025 go dtí an 24ú Feabhra 2029.
Shane Kelly
Cháiligh Shane Kelly mar Altra Ginearálta i 1994. Ó shin i leith, bhí roinnt post cliniciúil agus bainistíochta aige in earnálacha na n-ospidéal agus an phobail. Le 16 bliana anuas, bhí dhá theach altranais aige agus bhí siad á reáchtáil aige, agus tá siad díolta aige anois. Tá HDip & BSc san Altranas ag Shane, MSc i mBainistíocht Cúraim Sláinte, Dioplóma Iarchéime i Rialachas Corparáideach agus bronnadh Comhaltacht de chuid RCSI air le déanaí. Tá taithí láidir aige ar bheith ag obair laistigh de thionscail atá rialaithe go mór agus dírithe ar othair.
Ceaptar Shane Kelly, taréis feachtas SCP agus le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 25ú Feabhra 2025 go dtí an 24 Feabhra 2029.
An tOllamh Ciara Heavin
Is Ollamh le Córais Faisnéise Gnó í an tOllamh Ciara Heavin i Scoil Ghnó Ollscoil Chorcaí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Éire. Díríonn a taighde ar dheiseanna chun córais faisnéise (TF) a úsáid san éiceachóras cúram sláinte domhanda agus i gclaochlú digiteach. Tá an tOllamh Heavin tar éis taighde maoinithe a stiúradh i bhfiosrúchán, forbairt agus cur i bhfeidhm réiteach teicneolaíochta nuálacha i réimse na cúram sláinte. Tá ailt foilsithe aici i roinnt irisí idirnáisiúnta mór le rá maidir le faisnéis faisnéise agus imeachtaí comhdhála. Tá trí leabhar scríofa ag an Ollamh Heavin i gcomhar le Daniel J. Power: Decision Support, Analytics, and Business Intelligence, Data-Based Decision Making and Digital Transformation, agus Becoming Agile
Ceaptar an tOllamh Ciara Heavin tar éis ainmniúcháin ón Aire um Bhreisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (FHERIS). Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 9ú Aibreán 2025 go dtí an 24ú Feabhra 2029.
An Bord Clárúcháin Súil-Liachta
Donal Keane
Is é an tUasal Donal Keane Príomhoifigeach Oibríochtaí ag Taighde Éireann – Research Ireland, an ghníomhaireacht maoinithe taighde iomaíoch is mó de chuid Rialtas na hÉireann, le buiséad bliantúil de €335m. Ina ról tá sé freagrach as Rialú Airgeadais, Teicneolaíocht Faisnéise, Beartas Taighde, Áiseanna agus Cosaint Sonraí Roimhe seo, bhí poist bhainistíochta shinsearacha aige in IADT Dhún Laoghaire, Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha, GE Capital agus Wang Finance i mBaile Átha Cliath agus i Toronto, Ceanada. Tá céim Bhaitsiléara Tráchtála ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ag an Uasal Keane agus is Comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn é.
Ceaptar Donal Keane taréis feachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (SCP) agus is le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta atá sé. Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 6 Márta 2025 go dtí an 10 Feabhra 2029.
Linda Fitzharris
Cháiligh Linda Fitzharris mar chógaiseoir tar éis staidéar in RCSI (Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn) agus tá cláraithe ag Cumann Cógaisíochta na hÉireann ó 2010. Roimhe seo, cháiligh Linda le céim i mBithcheimic ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Máistreacht freisin aici i gcógaisíocht ó RCSI agus Máistreacht i gCothú, Bia agus Sláinte ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Faoi láthair, tá Linda ina Cheann Feidhmeannacht Cógaisíochta in Oifig na hÁrdchúraim Reáchtála Ginearálta (PCRS) san HSE, atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh do gairmithe chúraim sláinte as na seirbhísí saorála nó le costais laghdaithe atá acu do phobal na hÉireann.
Faoi láthair, tá Linda ar choisteanna rialachais agus grúpaí saineolaithe éagsúla ar son Oifig na hÁrdchúraim Reáchtála Ginearálta (PCRS) den tSeirbhís Chúram Tosaigh (HSE). Ina taithí ar chúram díreach othar sa suíomh pobail mar Cógaiseoir Pobail, chomh maith leis an eolas praiticiúil agus na scileanna a d'fhorbair sí le linn a gairme, rud a thugann tuiscint di ar cúram sláinte in Éirinn. Tá paisean láidir ag Linda le forbairt daoine eile agus le cinntiú go gcoinnítear beartais agus nósanna imeachta ar leibhéal uile.
Athcheaptar Linda Fitzharris le héifeacht ón 8 Márta 2025 go dtí an 7 Márta 2029.
Jason O’Regan
Is é Jason O’Regan Bainisteoir Riosca Náisiúnta Cheshire Ireland, agus tá taithí aige san earnáil dheonach sláinte agus cúraim shóisialta. Díríonn sé ar bhainistíocht riosca, ag cinntiú go gcomhlíontar caighdeáin náisiúnta agus ag cruthú timpeallachtaí sábháilte, cuimsitheacha a chumhachtaíonn daoine faoi mhíchumas chun neamhspleáchas níos mó a bhaint amach.
Ceaptar Jason O’Regan tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le héifeacht ón 6 Márta 2025 go dtí an 10 Feabhra 2027.
Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha
An Dr Mairead Cahill
Is Ollamh Comhlach le Teiripe Ceirde in Ollscoil Luimnigh í an Dr Mairead Cahill agus tá sí ag obair i róil éagsúla ag oideachas agus ag oiliúint mic léinn agus teiripeoirí ceirde cáilithe san ollscoil le breis agus ocht mbliana déag. Cháiligh sí mar Theiripeoir Ceirde ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (BSc) i 1997 agus bhain sí céim MSc amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i 2006. Bhain sí céim PhD amach ó Ollscoil Luimnigh in 2023. Roimh di bheith ina léachtóir, d’oibrigh an Dr Cahill mar Chomhordaitheoir Oideachais Cleachtais in Ollscoil Luimnigh ar feadh breis agus deich mbliana agus mar Éascaitheoir Socrúcháin Réigiúnaigh san Ollscoil ó 2006. Sna róil seo, tá réimse eolais ghairmiúil agus taithí luachmhar forbartha aici. Ina róil acadúla éagsúla, d’fhorbair sí scileanna cinnteoireachta éifeachtacha agus an cumas réitigh a aithint ar fhadhbanna casta ag baint úsáide as smaointeoireacht fhónta agus anailíseach. Mar chomhordaitheoir oideachais cleachtais, d'fhorbair sí an cumas chun breathnú go hoibiachtúil ar dhúshláin agus réitigh a aithint trí oibriú le réimse leathan geallsealbhóirí (oideoirí cleachtais agus mic léinn teiripe saothair) agus tuiscint aici go raibh an cumas ag cinntí a rinneadh tionchar a imirt ar gheallsealbhóirí éagsúla. Tá an Dr Cahill tar éis páirt a ghlacadh i dtrí chuairt iomlána creidiúnaithe OT CORU agus le 18 mí anuas tá sí i láthair ag cuairteanna creidiúnaithe CORU disciplíní eile san ollscoil mar gheall ar a ról ag treorú modúl ullmhúcháin idirghairmiúil don chleachtas do mhic léinn teiripe saothair, fisiteiripe, cothaithe agus diaitéitice daonna agus teiripe urlabhra agus teanga. Sula ndeachaigh sí ag obair in UL, fuair sí taithí chliniciúil ar theiripe teiripeach i suíomhanna géarmhíochaine agus athshlánúcháin (míchumas fisiceach) in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Ceaptar an Dr. Mairead Cahill tar éis ainmniúcháin ón Aire um Bhreisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (FHERIS). Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 9 Aibreán 2025 go dtí an 4 Lúnasa 2028.
Bord Clárúcháin na gCoslianna
Ms Norma Judge
Tá Ms Norma Judge ag cleachtadh mar optaiméadraí ó 1991 in Éirinn agus ó 1997 sa Ríocht Aontaithe. Bronnadh céim Abhcóide uirthi ag Óstaí an Rí i 1999 agus tá sí ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 2000. Is abhcóide taithí í Norma i gcleachtas ginearálta a bhfuil béim aici ar dhlí na teicneolaíochta, na meán agus an idirlín. Sa bhliain 2019, glaodh uirthi chuig Barra Thuaisceart Éireann agus sa bhliain 2020 chuig Barra Shasana agus na Breataine Bige.
Is céimí de chuid Ollscoil Dhún Éideann (L.LM) í Norma. Nuálaíocht, Teicneolaíocht & an Dlí) agus Ollscoil Strathclyde (L.LM. Dlí TF & Idirlín). Tá taithí fhairsing aici ar leibhéal boird agus coiste agus béim ar leith aici ar chaighdeáin rialála agus gairmiúla. Bhí sí ina ball de Bhord Clárúcháin Súil-Liachta na hÉireann 2014 – 2018 agus de Choiste Clárúcháin agus Aitheantais Chomhairle CORU 2015 – 2022.
Ceaptar Norma Judge, tar éis feachtas SCP agus le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Beidh an ceapachán seo éifeachtach ón 9 Aibreán 2025 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2028.