English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athceapachán chomhalta tofa ar an mBord Clárúcháin Optúil:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., tar éis an tUasal Declan Hovenden a athcheapadh mar chomhalta den Bhord Clárúcháin Optúil, ar a thoghadh ag cláraithe na gairme ainmnithe, le héifeacht ón 6ú Márta 2023 go dtí an 10ú Feabhra 2027.

Declan Hovenden

Is optaiméadraí é Declan a bhfuil breis agus 25 bliain de thaithí aige i gcleachtas cliniciúil, i mbainistíocht agus in oideachas. Is céimí de chuid Inistitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) é, agus chleacht sé ar feadh na mblianta fada i suíomhanna oftailmeolaíochta ag speisialú i máinliacht chatarachta agus athraonta agus riochtaí dromchla súl. I 2009, chuaigh Declan le foireann na Roinne Optaiméadrachta ag ITBÁC (OT Baile Átha Cliath anois) agus tá sé anois ina Cheann Roinne Optaiméadrachta ag Dámh na nEolaíochta agus Sláinte na hollscoile le freagracht foriomlán as gníomhaíochtaí acadúla, cliniciúla agus taighde an disciplín Optaiméadrachta.

Is comhalta é Declan de Chumann Radharceolaithe na hÉireann agus is comhalta é den Acadamh Eorpach um Optaiméadrach agus Optaic. Suíonn sé freisin ar Chomhairle Chumann Radharceolaithe na hÉireann, tá sé ina chomhalta de Choiste Comhairleach Míochaine Global Vision agus tá sé ina chomhalta de bhord Eagarthóireachta na hirise Cleachtas Cliniciúil Optaiméadrach. Tá dúshuim aige i gcur chun cinn eolaíochta agus cleachtais na hoptaiméadrachta. Is é cuspóir leanúnach Declan, trí róil éagsúla, ná cur le forbairt na gairme radharceolaíochta trí chórais feabhsaithe, níos comhtháite agus otharlárnach de chúram súl a chur ar fáil ar mhaithe leo siúd go léir in Éirinn a bhfuil riachtanais chúram súl acu.