Athcheapacháin ar bhord Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann
- Foilsithe: 18 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh ar bhord Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann:
An Dochtúir Jerome Coffey
Ceapadh an Dochtúir Jerome Coffey mar Chathaoirleach ar Bhord na Clárlainne Náisiúnta Ailse i mBealtaine 2017. Is Iarstiúrthóir ar an gClár Náisiúnta um Rialú Ailse (NCCP) an Dochtúir Coffey freisin. Is céimí de TCD é agus rinne sé oiliúint inmheánach oinceolaíochta agus oinceolaíochta radaíochta in Éirinn. Tar éis ardoiliúna i mórionaid oinceolaíochta acadúla i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe ceapadh é mar Oinceolaí Radaíochta Comhairleach d’fhoireann Líonra Oinceolaochta Radaíochta Naomh Lúcás agus Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae i 2006. Sula ndeachaigh sé i mbun a róil reatha bhí sé ina Stiúrthóir Cliniciúil de Líonra Oinceolaíochta Radaíochta Naomh Lúcás, Cathaoirleach an Choiste Oinceolaíochta Radaíochta i nDámh na Raideolaithe (RCSI) agus Comhairleoir Oinceolaíochta Radaíochta don NCCP.
Athcheapadh an Dochtúir Coffey mar Chathaoirleach ón 15 Feabhra 2021 go dtí an 14 Feabhra 2025.
An Dochtúir Catherine Kelly
Is Oinceolaí Comhairleach í an Dochtúir Catherine M. Kelly ag Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath agus Léachtóir Cliniciúil i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Tá an Dochtúir Kelly ina ball de Bhord Trialacha Ailse na hÉireann agus ina comhchathaoirleach ar a Fhoghrúpa Sonrach um Ghalar Ailse Chíche. Fuair sí ardoiliúint speisialtóra san oinceolaíocht i St Bartholomew’s Londain, An Ríocht Aontaithe, An tIonad Ailse Sunnybrook Odette, Toronto, Ontario, Ceanada, agus ba í comhalta Susan G. Komen, Ionad Ailse MD Anderson, Houston, TX, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Fuair an Dochtúir Cathy Kelly MSc san Eipidéimeolaíocht Chliniciúil ón Institiúid um Beartas Sláinte, Bainistíocht agus Meastóireacht, Ollscoil Toronto agus fuair sí Gradam Cuimhneacháin Thomas & Edna Naylor ó Ollscoil Toronto as taighde a úsáideann Clárlann Ailse Ontario agus sonraí eile daonra-bhunaithe. Dhírigh foilseacháin le déanaí an Dochtúir Kelly a ndearnadh piarmheasúnú orthu ar leigheas phearsantaithe, géanómaíocht ailse chíche agus dearadh trialach cliniciúla. Tá sí ag fónamh ar bhoird eagarthóireachta do roinnt irisí oinceolaíochta lena n-áirítear bord comhairleach eagarthóireachta an Journal of Clinical Oncology (JCO).
Athcheapadh an Dochtúir Kelly ón 15 Feabhra 2021 go dtí an 14 Feabhra 2022.