Athcheapacháin chuig an Údarás Árachas Sláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapacháin chuig an Údarás Árachas Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóirithe an PFN, tar éis na comhaltaí seo a leanas a athcheapadh ar Bhord an Údaráis Árachas Sláinte ón 24 Meitheamh 2024 go dtí an 23 Meitheamh 2027.

Caroline Barlow

Is achtúire sinsearach sárchumasach í Caroline le breis agus 34 bliain de thaithí i raon leathan de róil árachais ghinearálta ag leibhéal na RA agus na hEorpa, agus í ag feidhmiú mar Cheann Feidhme Achtúireach do mhórchuideachta Árachais Idirnáisiúnta. Thug gairm ghairmiúil Caroline tuiscint dhomhain di ar an ngnó árachais agus ar na rioscaí a bhaineann leis.

Michael A. O’Sullivan

Is Innealtóir Sibhialta, Cuntasóir Bainistíochta Cairte é Michael agus tá MBA aige ó UCC. Tá taithí shuntasach boird aige i róil éagsúla lena n-áirítear airgeadas, pleanáil gnó, gnóthaí rialála agus cúram sláinte.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat