English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapacháin chuig an mBinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, an tUasal Stephen Donnelly TD tar éis an tUasal Michael MacNamee agus Romaine Scally Uasal a athcheapadh mar bhaill den Bhinse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C agus VEID. Mairfidh na ceapacháin seo don tréimhse ón 22 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2024.

Romaine Scally Uasal

Tá Romaine Scally ina ceann feadhna ar an ngnólacht Romaine Scally & Company Solicitors, Main Street, Tamhlacht ó 1998. Cháiligh sí ó UCD le Céim Baitsiléir Ealaíon i bhFraincis agus i mBéarla i 1976 agus cuireadh isteach i ról Aturnaetha í i Dlí-Chumann na hÉireann i 1980. Roimhe seo bhí sí ina Rúnaí ar Chomhlachas Barra Aturnaetha Thamhlachta ó 2007 go 2012. Tá sí ina Gnáthchomhalta den Bhinse i ndáil le Heipitíteas C agus VEID ó 2014.

An tUasal Michael MacNamee

Glaodh Michael Anthony MacNamee BCL (Ollscoil na hÉireann 1987); Abhcóide (Óstaí an Rí) chun Bharra na hÉireann i 1989 agus láimhseáil sé éilimh dhíobhála pearsanta do chuideachta mhór Árachais in Éirinn. Chuir sé tús le cleachtadh lánaimseartha i 1995. Idirghabhálaí creidiúnaithe, tá cleachtadh ginearálta cúig bliana is fiche aige le béim ar dhlí fostaíochta, idirghabháil agus eadráin. Tá sé ina Gnáthchomhalta den Bhinse i ndáil le Heipitíteas C agus VEID ó 2014.