Athcheapacháin chuig Bord na Comhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C:

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapacháin chuig Bord na Comhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Feabhra 2023
  • An t-eolas is déanaí: 15 Feabhra 2023

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis na comhaltaí seo a leanas den Chomhairle Chomhairleach ar Heipitíteas C a athcheapadh le héifeacht ón 21ú Nollaig 2022 go dtí an 20ú Nollaig 2025.

An tUas. Brian O’Mahony

Is é An tUasal Brian O’Mahony Príomhfheidhmeannach Chumann Haemaifilia na hÉireann, tar éis dó fónamh mar Chathaoirleach roimhe seo. Tá sé ina Uachtarán ar Chuibhreannas Haemaifilia na hEorpa agus roimhe sin bhí sé ina Uachtarán ar Chónaidhm Dhomhanda Haemaifilia ar feadh 10 mbliana. Is Comhalta é d’Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis agus d’Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus Leighis Saotharlainne. Tá cáilíochtaí gairmiúla aige i sláinte agus sábháilteacht cheirde agus i mbainistíocht agus tá post Ollamh Taca Cúnta aige i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Deborah Greene

Tá Deborah Greene ag obair le Cumann Haemaifilia na hÉireann ó 2003 i leith. Is í Deborah Greene an Riarthóir reatha tar éis di glacadh leis an ról seo i mBealtaine 2009. Tá Deborah Greene ina heagarthóir ar IHS. Déanann sí foilseacháin agus maoirsíonn sí bainistíocht imeachtaí, dearadh gréasáin & na meáin shóisialta, soláthar foirne agus tacaíocht agus seirbhísí do bhaill. Tá sí ina ball d’Fhoras Taighde Haemastáis na hÉireann agus oibríonn sí le Clár Nasctha Chónaidhm Dhomhanda Haemaifilia.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat