Athcheapachán an Chathaoirligh ar Bhord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia
- Foilsithe: 25 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis Brian Fitzgerald a athcheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord na Comhairle Náisiúnta Haemaifilia agus tá sé le bhetih sa ról nua seo ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2025.
Brian Fitzgerald
Tá an tUasal Brian Fitzgerald ina Chathaoirleach ar an gComhairle Náisiúnta Haemaifilia le 3 bliana anuas. Tá sé ag obair mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ospidéal Príobháideach Naomh Uinseann ó mhí na Bealtaine 2022, agus roimhe sin bhí sé ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Ospidéal Príobháideach Beacon. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach agus ina Stiúrthóir Airgeadais ar Ospidéal Naomh Shéamais (áit a rinne sé roinnt post éagsúil ar feadh tréimhse suas le fiche bliain). Faoi láthair tá sé ina Chomhalta Boird den Ghrúpa Comhairleach Údaráis um Sláinte Réigiúnacha, an Chomhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Othar agus Meánscoil CBS Naomh Shéamais.