Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán ar Bhord Ospidéal Thamhlachta:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Lúnasa 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis ainmniúcháin Bhord Ospidéal Thamhlachta, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an Dochtúir Darach O’Ciardha a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta le héifeacht ón 22ú Lúnasa 2022 go dtí an 21ú Lúnasa 2025.

An Dochtúir Darach O’Ciardha

Is ball é an Dochtúir O’Ciardha, MICGP, DCP, DME de Choláiste Liachleachtóirí na hÉireann agus an tAcadamh Eorpach um Theagasc i gCleachtadh Ginearálta (EURACT). Is é an Dochtúir O’Ciardha an príomhdhochtúir ginearálta i gCleachtadh Teaghlaigh Ráth Miontáin agus Dochtúir Ginearálta ag Crois Thamhlachta. Is Ollamh Cúnta le Cúram Príomhúil é an Dochtúir O’Ciardha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. TCD.